Tá FÁS páirteach i dtionchar, comhoibriú agus tacaíocht do phríomh-pháirtithe leasmhara (a fhoireann féin san áireamh) chun cláracha agus seirbhísí a dhearadh, a fhorbairt agus a sholáthar a fhreastalaíonn ar riachtanais ghrúpaí ar leith. Áirítear baill den lucht siúil, tuismitheoirí aonair, lucht luathfhágála scoile, iarchimí, oibrithe inimirce agus mná atá ag iarraidh filleadh ar an lucht saothair.
B'fhéidir go mbeidh tú incháilithe ar Chúnamh deontais , cúram leanaí agus sparántacht do mhná.
Spreagann an clár An lucht saothair a Leathnú mná le filleadh ar obair.
Léigh na ceisteanna coitianta agus Foilseacháin éagsúla, nó brabhsáil Naisc Úsáideacha d'eagrais stáit. B'fhéidir go mbeadh suim agat sa Reachtaíocht Comhionannais freisin.
Is Eagraíocht é FÁS atá cláraithe le Láraonad Seiceála na nGardaí (GCVU) “a dhéanann nochtadh ar sheiceálacha ar stair choiriúil d’eagraíochtaí cláraithe i dtaobh le, inter alia, fostaithe ionchasacha, oibrithe deonacha, mic léinn ar socrú agus oiliúnaithe a mbeadh rochtain shuntasach, neamh-mhaoirsithe acu ar dhaoine óga agus ar aosaigh leochaileacha araon” Baineann an beartas seo le ról FÁS mar sholáthraí cláir oiliúna agus fostaíochta, go háirithe maidir le cáilitheacht agus earcaíocht rannpháirtithe nó oiliúnaithe féideartha atá ag obair nó atá faoi oiliúint chun obair le leanaí agus/ nó le haosaigh leochaileacha*.
ÍoslódáilBeartasSeiceálananGardaídechuidFÁS.pdf [PDF - 29kb]
Íoslódáil Faisnéis Foghlaimeora Seiceálan an Gardaí [PDF - 222kb]
*Tagraíonn ‘Aosaigh leochaileacha’ do dhaoine scothaosta nó do dhaoine faoi mhíchumas i gcomhthéacs Seiceála na nGardaí i FÁS
Seol Ríomh-phost chuig an aonad do Chuimsitheacht Shóisialta i bhFÁS nó déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil le ceisteanna ar bith faoi chuimsitheacht shóisialta agus comhdheiseanna.