Cúlra
Forbraíodh an clár Lucht Saothair a Leathnú chun na constaicí a shárú a dtugann mná aghaidh orthu agus iad ag machnamh ar fhilleadh ar an saol oibre. Le fírinne an scéil, tá cuid mhór de na cúiseanna imní nach bhfuil chomh mór sin mar a fheictear thíos.
- Ceap tuisle suntasach is ea leibhéil ísle muiníne agus féinmhuiníne do mhná ag filleadh ar an lucht saothair; ceann de na dúshláin is mó is ea go n-aithneoidís na scileanna atá acu cheana féin.
- Níl scileanna iomarcaíocha agus bearnaí scileanna dá réir ina mbacanna chomh mór agus a chreideann mná. Feidhmíonn taithí oibre mar sheiceáil réalaíochta anseo, agus tugann sé deis do mhná a fheiceáil go mb’fhéidir go mbeidh níos lú oiliúna de dhíth ná mar a cheap siad.
- Níl easpa pointí tagartha nó taithí oibre le déanaí chomh tábhachtach agus a cheaptar. Cé go bhfuil siad lasmuigh d’fhostaíocht ar phá le tamall de bhlianta anaus, tá scileanna inaistrithe foghlamtha ag ag mná ar bhealaí eile, ar nós chúrsaí oíche, obair dheonach/pobail srl.
- Tá mothú ann go bhfuil deacrachtaí le saol oibre agus saol clainne a choinneáil i gcothromaíocht. Téann an clár ETW i ngleic leis seo trí mheascán de láethanta eolais, idirbheartaíocht agus oiliúint.
- Níl cúram leanaí ina chonstaic chomh mór don spriocghrúpa seo agus a ceapadh ar dtús. Tá cuid mhór de na mná a théann isteach sa phróiseas seo sna daicheadaí déanacha nó sna caogaidí, agus is féidir lena bpáistí aire a thabhairt dóibh féin. De ghnáth ní fhilleann mná níos óige ach amháin nuair atá na páistí in aois scoile; mar sin tugann soláthar oiliúna páirtaimseartha tríd an bpróiseas seo aghaidh ar an-chuid riachtanas chúram leanaí.
Leasa
Do Mhná ag Filleadh
- Cruinniú le FÁS chun fiosrú aonair a dhéanamh ar riachtanais forbartha chun teacht ar obair, chun riachtanais oiliúna a aithint agus chun plean pearsanta oiliúna a chur i bhfeidhm;
- Forbairt phearsanta, pleanáil gairme agus oiliúint treallúis;
- Oiliúint scileanna ar leith curtha ar fáil ar bhonn solúbtha páirtaimseartha (m.sh. soláthar ar maidin amháin, aitheantas do laethanta saoire scoile srl.);
- Cúnamh le taithí chuí oibre agus/nó obair a aimsiú;
- Oiliúint sa phost mar is cuí/riachtanach;
- Tacaíocht agus meantóireacht leanúnach agus an duine i bhfostaíocht.
D’Fhostóirí
- Rochtain ar bhunachar de mhná ag filleadh;
- Earcaíocht agus mealladh dírithe ar dhaoine oilte chun riachtanais gnó aitheanta a fhreagairt;
- Rochtain ar réimse leathan acmhainní oiliúna - roimh na fostaíochta agus sa phost;
- Iomlaoide laghdaithe foirne trí choinneáil níos fearr;
- Tacaíocht curtha ar fáil ag FÁS ar feadh an phróisis;
- Seirbhís saor in aisce.