Mná ag Filleadh ar Obair
Aimsigh Post
Tá sé d'aidhm ag Clár FÁS Ag Leathú an Lucht Saothair (ETW) rochtain na mban ar an margadh saothair agus a bpáirtíocht ann a fheabhsú. Is é príomhaidhm an chláir ná mná, nó daoine atá ag filleadh, a chur chun cinn san fhostaíocht a luaiteh agus is féidir. Freisin tá sé d'aidhm ag an brpóiseas tionchar a bheith ar fhostóirí agus tacaíocht a thabhairt dóibh a gcleachtais oibre a scrúdú agus a fheabhsú. Tá iliomad Leasa ann do mhná agus trén ionad saothair a dhéanamh níos tarraingtí do mhná, éiríonn le fostóirí a riachtanais earcaíochta a shásamh.
Is é an spriocghrúpa don chlár ETW ná mná:
- Atá lasmuigh den lucht saothair do thréimhse 12 mí nó níos mó;
- Nach bhfuil Liúntas Cuardaitheora Poist nó Leas Cuardaitheora Poist á fháil acu;
- Atá aitheanta mar dhaoine atá ag iarraidh filleadh ar obair;
- A bhfuil cúnamh/forbairt de dhíth orthu chun an chéad chéim eile ar ais ag obair a ghlacadh.
Tá an clár Ag Leathú an Lucht Saothair maoinithe i bpáirt ag an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí faoin Bheartas um Chomhionannas do Mhná.
Tá eolas cúlra ar fáil ar an gclár Ag Leathú an Lucht Saothair chomh maith le Foirmeacha a bhaineann leis.
Aimsigh Post
Má tá tuilleadh eolais de dhíth ort faoin gclár Ag Leathnú an Lucht Saothair, déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil.