Comhionannas

Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna is Coitianta

 

  1. Cad í an Sparánacht Bhaineann?
  2. Cé atá in ann leas a bhaint as an sparánacht?
  3. Cé mhéid a chuireann an sparánacht ar fáil agus conas a íoctar í?
  4. Conas a bhainim leas as an sparánacht printíseachta?
  5. Cathain a chuirim isteach an fhoirm iarratais?
  6. Is duine den lucht siúil mé, conas a fhaighim áit ar chúrsa oiliúna FÁS?
  7. Conas is féidir le FÁS cuidiú liom fostaíocht a fháil?
  8. An bhfuil na cúrsaí oiliúna FÁS uilig ar fáil dom?
  9. Is iar-phríosúnach/iar-chiontóir mé, conas a fhaighim áit ar chúrsa oiliúna FÁS?

  10. Conas is féidir le FÁS cuidiú liom fostaíocht a fháil?
  11. An bhfuil na cúrsaí oiliúna FÁS uilig ar fáil dom?

 

  1. Cad í an Sparánacht Bhaineann?
    Séard atá sa Sparánacht Bhaineann ná idirghabháil airgeadais ag FÁS dírithe ar fhostóirí chun cur le hearcaíocht de phrintísigh mná i gceirdeanna atá fireann go traidisiúnta.
  2. Cé atá in ann leas a bhaint as an sparánacht?
    Fostóirí sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon.
  3. Cé mhéid a chuireann an sparánacht ar fáil agus conas a íoctar í?
    Cuireann an sparánacht deontas iomlán de €2667 ar fáil, roinnte ina dhá íocaíocht; déantar an chéad cheann sa chéad chéim agus an dara ceann le linn an tríú céim den Phrintíseacht
  4. Conas a bhainim leas as an sparánacht printíseachta?
    Le Foirm Iarratais atá ar fáil freisin ó chomhairleoirí Sheirbhísí Ghnó FÁS i ngach Réigiún.
  5. Cathain a chuirim isteach an fhoirm iarratais?
    Nuair atá an printíseach mná á clárú le FÁS.
  6. Is duine den lucht siúil mé, conas a fhaighim áit ar chúrsa oiliúna?
    Déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil agus tabharfaidh siad comhairle duit ar do roghanna, lena n-áirítear cláracha oiliúna agus fostaíochta i do cheantar.
  7. Conas is féidir le FÁS cuidiú liom fostaíocht a aimsiú?
    Fógraítear poist in oifigí FÁS agus ar an suíomh seo. Déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil agus tabharfaidh siad comhairle duit ar chinntí gairme.
  8. An bhfuil cúrsaí oliúna FÁS uilig ar fáil dom?
    Tá, ar an gcoinníoll go sásaíonn tú na critéirí iontrála.
  9. Is iar-chiontóir/iar-phriosúnach mé, conas a fhaighim áit ar chúrsa oiliúna FÁS?
    Déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil agus tabharfaidh siad comhairle duit ar do roghanna, lena n-áirítear cláracha oiliúna agus fostaíochta i do cheantar. Cuirtear am atá caite sa phriosún mar chuid den tréimhse cáilitheachta do Fhostaíocht Pobail agus ní gá d'iar-phriosúnaigh/iar-chiontóirí a bheith ar an gclár beo ag am na hearcaíochta.
  10. Conas is féidir le FÁS cuidiú liom fostaíocht a aimsiú?
    Fógraítear poist in oifigí FÁS agus ar Jabanna Éireann FÁS. Déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil agus tabharfaidh siad comhairle duit ar do chinntí gairme. Tá an Próiseas Ard-Tacaíochta leathnaithe chun iar-phriosúnaigh/iar-chiontóirí a chuimsiú a bhainfeadh leas as tacaíocht mar seo, is ionann seo agus ciste sholúbtha oiliúna do thacaocht fostaíochta suas go €2500 an duine, chun tacaí fostaíochta a cheannach nach bhfuil ar fáil go réidh trí sholáthróirí príomhshrutha.
  11. An bhfuil na cúrsaí oiliúna FÁS uilig ar fáil domsa?
    Tá, ar an gcoinníoll go sásaíonn tú na critéirí iontrála.
NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie