Comhionannas

Riachtanais Speisialta Oiliúna

Riachtanais Speisialta oiliúna

Riachtanais a bhaineann le Bacanna Rochtana

Riachtanais is ea iad seo a bhaineann leis an bhfoghlaimeoir a fháil i suíomh oiriúnach oiliúna, óna mbeidh sé/sí in ann páirt a ghlacadh i, agus leas a bhaint as, an soláthar bunúsach céanna le duine nach bhfuil faoi mhíchumas. Baineann ionaid speisialt oiliúna bacanna nó sáraíonn siad iad. B'fhéidir go mbeidh tacaíocht fhisiciúil i gceist, nó cúnamh speisilata sholáthar, nó leasuithe do dhaoine faoi mhíchumas. Freisin bheadh timpeallacht thacúil ann a mhéadaíonn deiseanna chun go bhfoghlaimeoidh foghlaimeoirí trína ládreachtaí.

De rogha air sin, b'fhéidir go mbeadh réamhoiliúint nó oiliúint bhreis ann chun an foghlaimeoir faoi mhíchumas a chur san áit tosaigh céanna le daoine eile, mar shampla:

  • Fad ama níos mó faoi oiliúint;
  • Oiliúint uimhirtheachta agus/nó litearthachta d'fhoghlaimeoirí faoi mhíchumas intleachtúil;
  • Oiliúint amharc seal, soghluaiseachta agus Braille d'fhoghlaimeoirí atá faoi lagamharc nó dall;
  • Soláthar theanga chomartha d'fhoghlaimeoirí atá bodhar.

Riachtanais a bhaineann le hábhar agus fad oiliúna

Riachtanais, a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu, nach mbeadh foghlaimeoir in ann leas iomlán a bhaint as oiliúint ar an mbunús céanna le daoine eile nach bhfuil faoi mhíchumas, fiú dá mbeadh tacaíocht fhisiciúil ar fáil, mar shampla:

  • Cúnamh breis le linn oiliúna do dhaoine le deacrachtaí mothúcháin agus/nó iompraíochta;
  • Soláthar d'oiliúnóirí atá oilte chun freastal ar riachtanais dhaoien faoi mhíchumas;
  • Gá le tréimhse níos faide oiliúna;
  • Cur chuige aonair dos na curaclaim oiliúna;
  • Módúil breise tacaíochta, m.sh. éifeachtúlacht phearsanta, míchumas a bhainistiú, féin-abhcóideacht srl.;
  • Ullmhú oibre, lena n-áirítear oiliúint breise nó éagsúil i scileann aimsithe poist , cur i láthair pearsanta srl.

Riachtanais bainteach le h-oiliúint neamhghairme

Riachtanais, nach mbeidh an foghlaimeoir in ann buntáiste a bhaint amach gan iad. Mar shampla, cúnamh breise do dhuine le deacrachtaí meabharshláinte a cóir leighis a bhainistiú nó foghlaim conad airgeadas pearsanta a bhainistiú. Tá riachtanais eile ann ar nós oiliúint taistil agus/nó foghlaim conas cónaí i lóistín ar chíos..

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie