Áiseanna Teicneolaíochta
Don phobal i gcoitinne, cuidíonn an teicneolaíocht leis an saol. Tá daoine de ghach uile aois ag brath ar áiseanna cuiditheacha agus teicneolaíocht ar nós ríomhphoist, facsa agus gutháin le dialáil chuimhne. Do dhaoine faoi mhíchumas, áfach, cuidíonn an teicneolaíocht le gnáth-imeachtaí an lae.
Is é teicneolaíocht oiriúnaitheach an téarma leathan a úsáidtear d'aon ghléas, áis theicniúil, straitéis, seirbhís agus/nó cleachtas, a fhebhsaíonn caighdeán beatha dhuine. Tá 2 chatagóir ann:
- Teicneolaíocht ghinearálta atá chun leasa an phobail uilig, m.sh., ardaitheoirí paisinéara, doirse uathoibríocha, cathaoireacha oifige so-athraithe, fógraí inléite srl. Is minic go ndéantar talamh slán den chineál seo de theicneolaíocht oiriúnaitheach agus nach smaoinítear air ach mar áis. Mar sin féin, do dhuine faoi mhíchumas is mór an difir a dhéanann siad, toisc nach mbeidís in ann feidhmiú i dtimpeallacht murach iad.
- Sain-theicneolaíocht a chuirtear in oiriúint don duine faoi mhíchumas. Is féidir sain-theicneolaíocht a leasú chun freagairt do riachtanais ar leith an duine faoi mhíchumas, m.sh., rothchathaoir, nó is féidir é a cheannach ón seilf, m.sh., bogearra½ ríomhaire do ghníomhachtú gutha.
Go inic féachtar ar theicneolaíocht oiriúnaitheach mar ualach breise, speisialta agus costasach ar an bhfostóir nó ar an solathróir seirbhíse. Ach ní bhíonn teicneolaíocht oiriúnaitheach de dhíth ar ghach duine faoi mhíchumas agus níl gach teicneolaíocht oiriúnaiteach costasach.
Féach roinnt samplaí de Bheartais Rochtana a d'fhéadfaí a mheas chun fíordheis a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas páirt a ghlacadh san ionad oibre.
Faigh tuilleadh eolais, trí Naisc Úsáideacha, ar eagrais atá in ann comhairle a thabhairt do dhaone faoi mhíchumas ar threallamh atá ar fáil.