Cuardaitheoir Poist

Ag Earcú Lasmuigh den Eoraip

Ceadanna Fostaíochta

Tá ceann amháin de thrí chead nó cead fostaíochta éagsúil de dhíth ar náisiúnaigh de thír lasmuigh den Limistéar Eacnamaíoch Eorpach (EEA) chun obair in Éirinn, ag brath ar a gcúinsí. Is iad seo Cárta Glas, Cead Oibre nó Aistriú Laistigh de Chomhlacht, sainithe faoin Acht um Cheadanna Fostaíochta 2006 a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Feabhra 2007.

Tá an rannóg um Chead Oibre sa Roinn Fiontar, Trádála agsu Fostaíochta (DETE) freagrach as iarratais uilig ar Chártaí Glas, Ceadanna Oibre nó Aistrithe Laistigh de Chomhlacht. Féach na sonraí ar fad maidir le gnásanna iarratais ina Treoir chuimsitheach.

Cárta Glas

Cead Cárta Glas is ea cead fostaíochta a eisítear d'fhostaí a cheadaíonn a f(h)ostaíocht laistigh den Stát ag fostóir ainmnithe sa cheird sonraithe ar an gcead. Eisítear é ar feadh tréimhse tosaigh de dhá bhliain agus de ghnáth déantar é a athnuachan ina dhiaidh sin gan chríoch. Ligeann an cead seo d'fhostaí iarratas a dhéanamh ar athaontú teaghlaigh láithreach agus de ghnáth éascaíonn sé cosán do chónaitheacht bhuan tar éis dhá bhliain. Ní gá aon tástáil um riachtanais mhargadh saothair, .i. fógraíocht nuachtáin agus FÁS/EURES, roimh iarratas a dhéanamh.

Cead Oibre

Cead Oibre is ea cead fostaíochta a eisítear d'fhostaí a cheadaíonn a f(h)ostaíocht laistigh den Stát ag fostóir ainmnithe sa cheird sonraithe ar an gcead. Eisítear é ar feadh tréimhse tosaigh de dhá bhliain; is féidir é a athnuachan do thréimhse trí bliana ina dhiaidh sin, agsu tar éis cúig bliana is féidir é a thnuachan gan chríoch.

Ní dhéanfaidh DETE measúnú ar iarratais ar Cheadanna Oibre ach amháin má bhaineann siad le disciplíní gairme atá sainithe faoi láthair d'incháilitheacht do chúiseanna iarratais ar chead oibre. Caithfear folúntas, a bhfuil iarratas ar chead oibre á dhéanamh ina leith, a fhógairt ar líonra fostaíochta ar feadh ceathar seachtaine ó FÁS/EURES agus freisin, i nuachtáin áitiúla agus náisiúnta ar feadh trí lá. Cinntíonn sé seo, ar dtús, nach féidir le náisiúnach den EEA nó den Eilbhéis, nó, ar an dara dul síos, náisiúnach den Bhulgáir nó den Rómáin, a aimsiú chun an folúntas a líonadh. Caithfear fianaise go bhfuil sé seo déanta a chur san áireamh leis an iarratas.

Aistriú Laistigh de Chomhlacht

Deartar an scéim seo chun cuidiú le haistriú de bhainistíocht shinsearach, príomhphearsanra nó oiliúnaithe atá ina náisiúnaigh coigríche ó bhrainse thar lear de chomhlacht ilnáisiúnta go dtThis scheme is designed to facilitate the transfer of senior management, key personneí a bhrainse Éireannach. Bheadh fad an Cheadúnais d'Aistriú Laistigh den Chomhlacht do thréimhse sainithe ag brath ar an bhfáth don aistriú. Is féidir iarratais a dheinadh do thréimhse dhá bhliain ar a mhéid ar an gcéad dul síos agus is féidir iad a leathnú ar iarratas go dtí fanacht cúig bliana ar an iomlán.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie