Do Cháilíochtaí agus Scileanna a chur ar eolas
Is é an tUdarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann (NQAI) lárionad na hEireann chun dámhachtainí idirnáisiúnta a aithint. Tugann suíomh gréasáin NQAI eolas ar aitheantas, in Éirinn, de cháilíochtaí acadúla agus gairmiúla ó thíortha eile ar fud an domhain.
Tá NQAI mar ionadaí ag Éirinn i líonra Eorpach d'ionaid ar a dtugtar European National Information Centre/National Academic Recognition Information Centre, nó ENIC-NARIC, agus mar Phointe Tagartha Náisiúnta na hÉireann (NRP). Cothaíonn na líonraí seo aitheantas dhámhachtainí idirnáisiúnta ar fud na hEorpa.
Tionscnamh is ea Europass a chuidíonn le daoine a scileanna agus cáilíochtaí a dhéanamh intuigthe go soiléir agus go héasca ar fud na hEorpa. Deartar na cáipéisí Europass chun cuidiú le daoine a scileanna agus cumais a léiriú go soiléir, bíodh sé i gceist acu clárú san oideachas nó oiliúint nó taithí nó post a lorg thar lear.
Chun go mbeadh sé níos éascaí do shaoránaigh Bhallstáit amháin obair i gceann eile, tá treoir ón Aontas Eorpach a chuireann iallach ar Bhallstáit Teastas Taithí a eisiúint go hoibrí, mar fhianaise ar thaithí, oiliúint agus cáilíchtaí an oibrí sin. Féach na Nótaí Treorach d'iarrthóirí ó Phoblacht na hÉireann agus treoir ghairid do na Jabanna Clúdaithe ag an Teastas.