Cuardaitheoir Poist

baile » Cuardaitheoir Poist » Obair & Oiliúint Thar Lear/ Ag obair in Éirinn » Cuardaitheoirí Poist Éireannacha san Eoraip

Cuardaitheoirí Poist Éireannacha san Eoraip

Ag Obair san Eoraip

Mar shaoránach de thír laistigh den Limistéar Eacnamaíoch Eorpach (EEA), tá tú i dteideal obair in aon tír EEA eile gan chead oibre mar fhostaí ar thuarastal nó mar dhuine féinfhostaithe. Cuidíonn an Geata Soghluaiseachta Poist Eorpach  EURES  , a bhunaigh an Coimisiún Eorpach, leat deiseanna atá ar fáil a aimsiú. Trí 'jab a chuardach', is féidir leat teacht ar fholúntais i 29 tír Eorpach, nuashonraithe i bhfír-am.

EURES CV ar líne

Is féidir le cuardaitheoirí poist próifílí a chruthú, a stóráil agus a chuardach agsu fógraí a fháil nuair a thagann poist Eorpacha ar fáil a thagann leis an bpróifíl. Tugann  EURES CV ar líne, atá ar fáil sna teangacha AE uilig, deis duit do CV a phostáil agus é a chur ar fáil do Chomhairleoirí EURES agus d'fhostóirí cláraithe. Tá an tseribhís EURES saor in aisce do chuardaitheoirí agus fostóirí araon. Chun clárú glaoigh ar 00 800 4080 4080.

Cónaí & Obair Thar Lear

Tugann an bunachar sonraí seo de chuid Choimisiún na hEorpa eolas cuimsitheach ar Choinníollacha Cónaí agus Oibre i 29 tír Eorpacha; tá sé ar fáil i 20 teanga Eorpacha.

Doiciméadú

Go ginearálta, má thosaíonn tú ag obair i dtír eile atá clúdaithe ag Rialacháin AE, ní bheidh tú athuilleahd sa chóras Éireannach ÁSPC. Beidh dlithe árachais sóisialta na tíre sin i bhfeidhm. Má théann tú ag obair i dtír eile atá clúdaithe ag Rialacháin AE ba chóir duit a sheiceáil cén Foirmeacha a bhreith leat, chomh maith le pas/aitheantas bailí.

Comhairleoirí EURES (Saineolaithe Soghluaiseachta Eorpacha)

Má tá comhairle agus saineolas níos pearsanta uait, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le do Chomhairleoir áitiúil FÁS EURES le saineolas i gcúrsa soghluaiseachta poist. Tá rochtain acu ar réimse d'uirlisí eolais agus comhairle a thabhairt ar na nithe praiticiúla, dlí agus riaracháin a bhaineann le post a fháil thar lear. Aimsigh do Chomhairleoir Áiitiúil EURES nó déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie