Ag Obair in Éirinn mar Náisiúnach EEA
Tá dúshláin áirithe ag baint le cónaí agus obair i dtír Eorpach eile, ar nós dul i dtaithí ar chultúr nua, obair i dteanga iasachta, agus déileáil le córais neamhghnácha cánach agus leasa shóisialaigh. Is féidir leat ullmhú a dhéanamh tré eolas a chur ar an tír is rogha leat. Chun eolas tosaigh a fháil ar an staid fostaíochta agus coinníollacha cónaí agus oibre i dtír eile sa Limistéar Eacnamaíoch Eorpach (EEA), ar fáil as Béarla agus i dteangacha na mBallstát nua léigh na bileoga Eolas Sula nImíonn Tú, ceisteanna coiitianta (FAQs) agus Naisc Usáideacha. Tuganna Bileog Eolais FÁS cur síos ar liosta iomlán na seirbhísí atá ar fáil do chuardaitheoirí poist. Tá eolas eile úsáideach ar fáil ar gheata gréasáin EURES ar fáil i 20 teanga Eorpacha.
EURES CV ar líne
Is féidir le cuardaitheoirí poist próifílí a chruthú, a stóráil agus a chuardach agsu fógraí a fháil nuair a thagann poist Eorpacha ar fáil a thagann leis an bpróifíl. Tugann EURES CV ar líne, atá ar fáil sna teangacha AE uilig, deis duit do CV a phostáil agus é a chur ar fáil do Chomhairleoirí EURES agus d'fhostóirí cláraithe. Tá an tseribhís EURES saor in aisce do chuardaitheoirí agus fostóirí araon. Chun clárú glaoigh ar 00 800 4080 4080.
Clárú/Uimhir PPS
Tá sé riachtanach duit d'Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPS) a fháil a luaithe agus a shroicheann tú Éire. Bainfear úsáid as an uimhir PPS seo i ngach gnó le gníomhaireachtaí seirbhíse poiblí. Féach Eolas Iomlán agus gnásanna.
Comhairleoirí EURES (Saineolaithe Soghluaiseachta Eorpacha)
Má tá comhairle agus saineolas níos pearsanta uait, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le do Chomhairleoir áitiúil FÁS EURES le saineolas i gcúrsa soghluaiseachta poist. Tá rochtain acu ar réimse d'uirlisí eolais agus comhairle a thabhairt ar na nithe praiticiúla, dlí agus riaracháin a bhaineann le post a fháil thar lear. Aimsigh do Chomhairleoir Áiitiúil EURES.