Cuardaitheoir Poist

Know Before You Go - Do Threoir Chuig Tús Nua

ÉIRE

DO THREOIR CHUIG TÚS NUA

FÉACHANN ÉIRE I DTREO DO THODHCHAÍ

Is é cuspóir an tionscnaimh seo faisnéis a sholáthar a chabhróidh leat agus tú ag teacht go hÉirinn. Leagann an treoir seo amach na céimeanna ba chóir duit a ghlacadh sula dtéann tú go hÉirinn agus ar shroicheadh na tíre duit. Tugann sí faisnéis úsáideach agus seoltaí ónar féidir leat cabhair bhreis a fháil.

BÍODH A FHIOS AGAT SULA nIMÍONN TÚ

Is féidir le duine taithí saoil a fháil as bogadh thar lear, rud a thugann deis do dhuine dul i dtaithí ar mhodh maireachtála cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíoch i dtír éigin eile. Is ceann scríbe í Éire a mbíonn an-tóir ag cuardaitheoirí poist soghluaiste as an Eoraip uirthi agus is iomaí duine acu a bhain leas as a gceart chun maireachtáil agus oibriú in Éirinn. Chun an tairbhe is mó a bhaint as do chuairt áfach, tá sé ríthábhachtach faisnéis a fháil ar phoist, ar dhálaí maireachtála agus oibre agus ar chearta fostaíochta sula n-imíonn tú. Chun an méid is mó a bhaint as do chuid eispéiris, áfach, tá sé thar a bheith tábhachtach teacht ar eolas maidir le poist, coinníollacha oibre agus maireachtála, cearta fostaíochta agus staid an gheilleagair i láthair na huaire sula imíonn tú.

Is féidir é seo a dhéanamh tríd an gcóras EURES (Seirbhísí Fostaíochta na hEorpa) arna bhunú ag an gCoimisiún Eorpach chun saorghluaiseacht oibrithe a éascú.

Tugann EURES rochtain ar na seirbhísí seo a leanas:

  • Breis agus 750,000 post ó áiteanna ar fud na hEorpa, Éire san áireamh
  • Bunachar sonraí faisnéise lárnach ar dhálaí maireachtála agus oibre i ngach ceann de na tíortha sin
  • Comhairleoirí sainoilte Eures laistigh de Sheirbhísí Fostaíochta Poiblí do thíre féin a thabharfaidh treoir agus comhairle chuimsitheach duit ar shoghluaisteacht. In Éirinn, tá córas Eures bunaithe laistigh de FÁS – Údarás Oiliúna agus Fostaíochta na hÉireann.

Is féidir leat teacht ar EURES ar an idirlíon ag www.eures.europa.eu  nó ó do Oifig Seirbhísí Fostaíochta Poiblí áitiúil.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie