Cuardaitheoir Poist

baile » Cuardaitheoir Poist » Obair & Oiliúint Thar Lear/ Ag obair in Éirinn

Obair agus Oiliúint Thar Lear/ Ag obair in Éirinn

Soghluaiseacht Oibre san Eoraip

Líonra comhoibrithe is ea EURES (nó EURopean Employment Services) idir an Coimisiún Eorpach, Seirbhísí Fostaíochta Poiblí na mBallstát sa Limistéar Eacnamaíoch Eorpach (EEA) agus eagrais eile comhpháirtíochta. Tá sé d'aidhm ag EURES eolas, comhairle agus seirbhísí earcaíochta/socrúcháin (maitseáil poist) a sholáthar chun leasa oibrithe agus fostóirí, chomh maith le haon saoránach atá ag iarraidh leas a bhaint as prionsabal shaorghluaiseacht dhaoine.

Trí bhunachar soghluaiseachta poist EURES, is féidir le Cuardaitheoirí Poist Éireannacha fostaíocht a lorg i 29 tír Eorpach agus is féidir le Cuardaitheoirí Poist neamh-Éireannacha eolas a fháil faoi obair in Éirinn. Is féidir le fostóirí an bunachar céanna a úsáid chun daoine a earcú ó Laistigh, agus Lasmuigh, den Eoraip.

D'fhonn scileanna, cáilíochtaí agus taithí atá faighte ag obrithe i dtíortha eile a aithint, tá sraithe de thionscnaimh ar Aitheantas ar Cháilíochtaí, lena n-áirítear Europass agus Teastais Taithí.

Cuireann Lárionad Acmhainní Náisiúnta FÁS do Threoir Gairme (NRCVG) in Éirinn eolas ar fáil maidir leis na deiseanna oiliúna gairme uilig laistigh den Aontas Eorpach. Cuimsíonn cláracha soghluaiseachta nó iarchéime na hEorpa an Clár Céimí Thar Lear, Clár Leonardo da Vinci agus an Clár Dúshlán Eolaíochta.

Naisc Úsáideacha breise ar fáil ar obair agus oiliúint thar lear, agus má tá aon cheisteanna agat nó má tá tuilleadh eolais de dhíth ort, déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie