Seirbhís Áitiúil Fostaíochta
Tá dhá shruth i Seirbhís Náiisiúnta Fostaíochta (NES) na hÉireann, Seirbhísí Fostaíochta á n-oibriú ag FÁS, an tUdarás Náisiúnta Oiliúna agus Fostaíochta, agus an tSeirbhís Áitiúil Fostaíochta (LES) a fheidhmíonn don chuid is mó trí Chomhlachtaí Páirtnéireachta Áitiúla ar conradh ó FÁS.
Tá sé d'aidhm ag LES díriú ar sholáthar seirbhísí dóibh siúd is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa mhargadh saothair mar fhreagra díreach don chomhthéacs áitiúil ina bhfuil sé ag feidhmiú.
Feidhmíonn an Líonra Seirbhíse Áitiúil Fostaíochta (LESN) mar gheata, nó pointe rochtana, don réimse iomlán de dheiseanna atá ar fáil chun cuidiú le duine atá dífhostaithe le fada dul isteach nó dul isteach athuair sa mhargadh saothair. Tá na seirbhísí a chuireann an LESN ar fáil curtha in oiriúint do ghach cliant aonair agus don timpeallacht ina bhfuil siad ag oibriú. I measc na seirbhísí a chuirtear ar fáil tá treoir, oiliúint, oideachas, agus tacaí fostaíochta, agus cuirtear ar fáil iad trí ghréasán de Phointí Teagmhála.
I measc na bpríomhsheirbhísí tá:
- Eolas ar an Margadh Saothair: Eolas a sholáthar agus comhairle a thabhairt ar réimsí a bhaineann le staid an mhargadh saothair, ar nós cúrsaí leas-go-obair, oideachas, fostaíocht agus deiseanna oiliúna, lena n-áirítear tarchur go seirbhísí nasctha.
- Idirghabháil agus Treoir: Clárú agus ionduchtú, diantreoir phearsanta a sholáthar hcun cosán gairme a fhorbairt; comhairle gairme; tarchur go LESNanna eile nó gníomhaireachtaí eile; cúnamh le cláracha gníomhacha mhargadh saothair a fháil agus fostaíocht; tacaithe iar-shocraithe.
- Treoir Ghrúpa: Roghanna saincheaptha a sholáthar chun freastal ar riachtanais ghrúpa ar leith.
- Caidreamh Chliant-Fostóir: Teagmháil le fostóirí, folúntais a aithint atá in oiriúint do chliaint agus riachtanais ionchasacha oiliúna; achainí a dhéanamh ar son chliant; eolas agus tarchur d'fholúntais poist.
- Cúnamh Iar-Chláir Fostaíochta: Réimse iomlán na dtacaithe LESN a sholáthar do dhaoine a bhfuil deacracht acu fostaíocht a aimsiú ó chláracha mhargadh an saothair.
- Cúnamh Iar-Chláir Oiliúna/Oideachais: Réimse iomlán na dtacaithe LESN a sholáthar do dhaoine a bhfuil deacracht acu fostaíocht a aimsiú ó oiliúint nó oideachas a bhaineann le fostaíocht.
Oibríonn an LES trí líonra d'Oiifigí agus ionaid lonnaithe i 25 limistéar atá ainmnithe mar limistéir faoi mhíbhuntáiste – 24 limistéar Páirtíochta agus limistéar amháin neamh-Pháirtíochta (Cill Dara).
Baile Átha Cliath
Iarthar Láir (Luimneach)
Oirthuaisceart (An Cabhán, Lú, An Mhí, Muineachán)
Oirdheisceart (Ceatharlach, Cill Chainnigh, Tiobraid Árann Theas, Port Láirge, Loch Garman, Cill Mhantáin)
Iardheisceart (Corcaigh, Ciarraí)
Iarthar (Gaillimh, Maigh Eo, Ros Comáin)
Lár Tíre (Cill Dara, Laois, An Longfort, Uíbh Fáilí, an Iarmhí)