Eolas Fúinn

Cód Eiticí na bhFostaithe


Réamhrá

Táthar ag súil go ndéanfaidh foireann FÁS idirghníomhaíocht le comhghleacaithe, páirtithe leasmhara, custaiméirí agus baill den phobal ar bhealach a léiríonn na bunphrionsabail FÁS:



Solúbthacht
Proifisiúntacht
Cúram
Onnghníomhach
Iontaofacht.


Léirítear na bunluachanna i gcaighdeáin uilig fostaíochta FÁS, conarthaí fostaíochta, polasaithe airgeadais agus acmahinní daonna, agus rialacháin eile gnásanna. Is féidir le ball foirne mionsonraí a fháil ar na gnásanna seo óna mbainisteoir nó ón Roinn HRD/Airgeadais.

Prionsabail le cur i bhfeidhm i FÁS

Is iad seo na prionsabail treorach don fhoireann uilig:


Macántacht
Ionracas
Cuntasacht phoiblí.


Macántacht

Mar fhostaithe ag FÁS cinnteoimid go sroicheann ár n-obair na caighdeáin is airde macántachta. I dtús áite, cinnteoimid nach mbainfimid leas míchuí as obair do FÁS agus nach nglacaimid páirt in aon ghníomhaíocht atá ag coimhlint leis na dualgais oibre seo. Mar sin ní bheidh sé ceadaithe d'aon bhall foirne, agus a dteaghlaigh agus cairde san áireamh, leas a bhaint as bronntanais mar thoradh ar a gcuid oibre.

Ionracas

Déanfaimid iarracht obair ar bhealach oscailte, fírinneach agus freagrach. Beidh sé mar phríomhaidhm againn a chinntiú go gcuirtear seirbhísí an eagrais ar fáil go proifisiúnta agus faoi réir bhunluachanna an eagrais. Ach go háirithe, baineann sé seo leis na cásanna seo a leanas:
Nuair atáimid páirteach in imeachtaí seachtracha a d'fhéadfaí a mheas a bheith i gcoimhlint le hobair FÁS.
Nuair atá leas againn in aon aonán a d'fhéadfadh leas a bhaint as déileáil le FÁS. Sa dá chás seo, beifear ag súil go dtabharfaimid fógra d'ár mbainisteoirí faoi seach.


Cuntasacht Phoiblí

Mar fhostaithe ag FÁS, tá sé de dhualgas orainn a chinntiú go bhfreagraíonnn FÁS go hiomlán do riachtanais an phobail mar atá i bpolasaí an rialtais. Faoi réir na Cairte Custaiméara, cinnteoimid go gcaitear go cóir leis na custaiméirí, comhghleacaithe agus baill den phobal ar fad agus le meas i gcónaí. Freisin cinnteoimid go ndéanfar leas an phobail a chur san áireamh i gcónaí. Freagrófar d'iarratais uilig ar eolas, seirbhs nó comhairle le cúirtéis, go híogarach agus gan mhoill. I ngach cás, cuirfimid ainmneacha teagmhála ar fáil sa chaoi is go mbíonn cumarsáid chomh héifeachtach agus is féidir.

Rúndacht

Mar chuid d'ár ndualgais, cinnteoimid ar fad go gcaitear go rúnda le gach faisnéis nó eolas a fhaightear. Eisceacht a bheidh ann nuair a bhíonn orainn, faoi choinníollacha áirithe, gnéithe áirithe a nochtadh mar chuid d'ár gcuid oibre. Ní thabharfaimid eolas a fhaightear san obair riamh do dhuine ar airgead. Cuirfear iarratais faisnéise in iúl don Roinn Preas agus Poiblíochta do chomhairle agus aontófar gach freagra leis an Roinn sin.

Le linn ár gcuid oibre cloífimid le riachtanais na nAchtanna um Cosaint Sonraí, Achtanna um Shaoráil Faisnéise agus ionstraimí reachtúla cuí eile. Cinnteoidh na daoine sin inár measc atá ag plé le hearcaíocht foirne, printíseach agus oiliúnaithe go gcaitear le gach eolas atá ar fáil dúinn go rúnda san iomlán.

Macántacht & Coimhlintí Leasa

Tá sé ceadaithe go dtabharfar cuireadh dúinn freastal ar ócáidí á reachtáil ag ár dteagmhálacha gnó ó am go ham. Mar sin féin, cinnteoimid nach nglacfaimid le haon bhronntanas a d'fhéadfadh a bheith míchuí ó chustaiméirí, soláthróirí, comhghleacaithe nó aon duine nó aonán gnó a bhfuil déileáil acu ar son FÁS. Mar phrionsabal treorach, ní ghlacfar le haon bhronntanas, béile nó siamsaíocht chorparáide nuair a d'fhéadfaí a cheapadh go mbeadh buntáiste ann dá bharr uainn mar fhostaithe FÁS.

Beidh na coinníollacha seo a leanas i bhfeidhm:


Is féidir glacadh le béilí ag ionad áiitiúil ach ní féidir lóistín a bheith i gceist.
Is féidir glacadh le ticéad d'ócáid spóirt nó ócáid siamsaíochta poiblí ag ionad áitiúil.
Is féidir glacadh le bronntanais nach lorgaítear um Nollaig ar an gcoinníoll nach bhfuuil ach luach beag acu. Ní féidir glacadh le níos mó ná dhá bhronntanas ó fhoinse amháin i dtréimhse dhá mhí dhéag. Ba chóir sonraí maidir le bronntanais dá leithéid a chur in iúl don bhainistíocht.
Is é an prionsabal ginearálta nach sáródh bronntanais luach €75. Déanfar an teorainn seo a athbhreithniú i 2005. (Faoi athbhreithniú faoi láthair)


Beidh ár ngníomhaíochtaí gnó uilig bunaithe ar an riachtanas go mbaineann FÁS luach airgid amach.

I gcásanna ina bhfuil gaolta, céilí nó páirtithe againn ag obair le FÁS nó ag baint úsáide as cláracha/seirbhísí FÁS cinnteoimid nach mbeidh aon ghaol díreach oibre ann. Nuair a thosaímid gaol le comhghleacaí oibre lena bhfuil gaol díreach tuairiscithe againn, cuirfimid bainistíocht ar an eolas agus lorgóimid athlonnú cuí.

Nuair atáimid ag forbairt ghnó príobháideach nó páirteach ann cheana, cinnteoimid nach bhfuil oibriúchán an ghnó sin i gcoimhlint nó ag baint leasa as FÁS. Maidir leis seo, cinnteoimid nach dtarraingítear aon droch-chlú ar FÁS mar thoradh ar ár mbaint le gairmeacha, tograí nó scéimeanna eile. I ngach cás, cuirfimid an bhainistíocht ar an eolas faoi na leasa gnó seo agus lorgóimd cead leanúint leo. Nuair nach dtugtar cead, críochnóimid ár mbaint leis an ngnó.

Airgeadas & Soláthar

Cloífear le rialacháin leagtha amach sna Gnásanna um Leibhéil Údaráis Airgeadais agus Ceananch inár ngníomhaíochtaí gnó uilig. Cloífidh na fostaithe ar fad atá ag plé le haon ghné de cheannach ar son FÁS leis na caighdeáin is airde de mhacántacht agus iontaofacht i gcónaí. Sa chás seo, cinnteoimid:


Nach mbainfimid leas as ár bpost do bhrabach pearsanta nó d'aon duine d'ár gcairde/teaghlach.
Nach mbeimid i gcontúirt ár macántacht a thruailliú
Nach mbíonn páirt againn in aon chleachtas gnóa d'fhéadfadh a bheith míchuí.
Eolas a fháil ar na rialuithe airgeadais i bhfeidhm i FÁS ó am go ham agus, má tá aon éiginnteacht ann, treoir a lorg ón mbainistíocht nó an Roinn HRD/Airgeadais.


Breathnófar ar aon eolas a fhaighimid ag ceannach earraí nó seirbhísí ar son FÁS mar eolas rúnda.

I gcónaí cinnteoimid go gcloífear le treoirlínte FÁS, treoracha rialtais agus deachleachtas.

Earcaíocht & Ardú Céime

Tabharfar ardú céime d'fhostaithe ar fhiúntas amháin, faoi réir na gcleachtas atá sna gnásanna Earcaíochta agus Roghnaithe.

Caitear le gach ball foirne le meas agus go cóir, beag beann ar aois, gnéas, cine, reiligiún, claonadh gnéis, stádas pósta, stádas teaghlaigh, míchumas, ballraíocht den luacht siúil, nó claonadh polaitiúil.

Nuair atáimid páirteach in earcaíocht nó ardú céime, cinnteoimid go dtuigimid agus go gcloímid leis na riachtanais ábhartha reachtúla agus gnásanna inmheánacha FÁS. Ní fhreastalóimid ar phainéal earcaíochta nó ardaithe céime nuair a d'fhéadfadh coimhlint leasa a bheith ann mar thoradh ar ghaol le hiarrthóirí. Ní dhéanfaimid iarracht riamh dul i gcionn ar phróiseas earcaíochta nó ardú céime ar bhealach míchuí.Beidh eolas a fhaightear mar chuid de phróisis eearcaíochta agus ardú céime rúnda. Maidir leis seo, cuirfear bunluachanna an eagrais, ach go háirithe proifisiúntacht agus iontaofacht, i bhfeidhm.

Meas

Agus ár gcuid oibre ar siúl againn, bedih meas againn i gcónaí ar chearta dhaoine eile agus cinnteoimid go gcaitear le gach comhghleacaí, soláthróir, custaiméar agus ball den phobal le cúirtéis, meas agus ómós. Ní ghlcaimid aon pháirt in aon ghníomhaíocht a d'fhéadfaí breathnú air go réasúnta mar bhulaíocht, ciapadh nó gníomh míchuí.

Sláinte agus Sábháilteacht

Cinnteoimid go dtabharfar coinníollacha slán agus sláintiúil do ghach duine a bhaineann úsáid as seirbhísí FÁS. Mar chomhaltaí foirne, cinnteoimid go bhfuilimid eolach ar ghnéithe uilig sábháilteachta trí Ráiteas Sábháilteachta FÁS. Tabharfaimid fógra don bhainistíocht ar aon easnamh sábháilteachta agus cuideoimid lena réiteach.

Teicneolaíocht Faisnéise

Caitear go hómósach leis na háiseanna ríomhaire, lena n-áirítear idirlíon agus r-phost a chuirtear ar fáil mar chuidiú le hobair FÁS. Aithnítear gur uirlisí cumhachtacha iad seo chun eolas a fháil agus chun gnó a dhéanamh le comhghleacaithe agus custaiméirí. Aithnítear freisin nach mór caitheamh leis na háiseanna seo le hómós agus a úsáid ar bhealach freagrach. Ar na cúiseanna sin tá polasaithe ar leith ann ag plé le slándáil ríomhaire, úsáid an idirlín agus rphoist agus cinnteoimid go bhfuilimid eolach ar na polasaithe seo.

Aithníonn FÁS go mbeidh gá ag an bhfoireann, ó am go ham, na háiseanna ríomhaire seo a úsáid do chúiseanna persanta. Mar aisíoc ar an solúbthacht seo tá úsáid nach mabineann le hobair srianta do shosanna lóin agus amanna áirithe lasmuigh de bhunuaireanta oibre. Cinnteoimid nach ndéanfar aon eolas míchuí a mhalartú, a chóipeáil nó a fheiceáil.

D'fhonn a chinntiú go mbaintear úsáid as áiseanna teicneolaíochta faisnéise FÁS ar bhealach atá ag teacht le riachtanais reachtúla, déanfaidh FÁS taifeadadh agus monatóireacht ar shuímh ar tugadh cuairt orthu, am caite agus íoslódálacha a lorgaítear.

Go raibh maith agat as do chomhoibriú.

Bealtaine 2003.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie