Eolas Fúinn

Bunachar Náisiúnta Scileanna

Soláthar agus Éileamh

Dearadh an Bunachar Náisiúnta Scileanna (NSD) chun an t-eolas ar fad atá ar fáil faoi sholáthar agus éileamh ar scileanna in Éirinn a thiomsú. Dá réir sin, cuireann sé modh ar fáil d'anailís agus réamhaisnéis tráthúil ar an margadh saothair ag leibhéal na scileanna.

Go ginearálta, baintear úsáid as an gcóras rannaithe Standard Occupational Classifications (SOC) mar ionadaí do scileanna. Tá na príomhshonraí seo a leanas sa bhunachar:

  • Sonraí fostaíochta (arna sholáthar ag an Lár-Oifig Staidrimh);
  • Soláthar, rannpháirtíocht agsu aschur oideachais (arna sholáthar ag an Údarás um Ard-Oideachas, an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, agus FÁS);
  • Céad ceann scríbe mhic léinn tríú leibhéil (arna sholáthar ag an Údarás um Ard-Oideachas);
  • Sonraí ar cheadanna oibre/visa (arna sholáthar ag an Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta);
  • Folúntais poist (arna sholáthar ag FÁS, The Irish Times, www.Irishjobs.ie, agus ESRI);
  • Sonraí faoi chuardaitheoirí poist (FÁS).
NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie