Eolas Fúinn

baile » Eolas Fúinn » Foilseacháin & Acmhainní » Leabharlann agus Ionad Acmhainní Eolais FÁS

Leabharlann agus Ionad Acmhainní Eolais FÁS

Leabharlann agus Ionad Acmhainní Eolais (LIRC)

Is í Leabharlann agus Ionad Acmhainní Eolais FÁS an phríomhacmhainn in Éirinn d'eolas ar fhorbairt acmhainní daonna. Cé go bhfuil an Leabharlann agus Ionad Acmhainní Eolais ann sa chéad áit chun freastal ar riachtanais eolais fhoireann FÁS, baineann úsáideoirí seachtracha úsáid go forleathan do chúiseanna taighde - daoine ar nós taighdeoirí, mic léinn, oiliúnóirí agsu comhairleoirí. Is féidir le baill den phobal rochtain a fháil ar an Leabharlann agus Ionad Acmhainní Eolais ach  teagmháil a dhéanamh le ball foirne agus coinne a dhéanamh.

Tá bailiúchán cuimsitheach d'acmhainní ag an Leabharlann agus Ionad Acmhainní Eolais sna réimsí seo a leanas:

  • Oiliúint agus oideachas
  • Margadh saothair
  • Fostaíocht agus dífhostaíocht
  • Treoir gairme agus comhairliú
  • Eacnamaíocht
  • Bainistíocht.

Líonra FÁS/CEDEFOP

Is é CEDEFOP an Larionad Eorpach d'Fhorbairt Oiliúna Gairme. Is í an Leabharlann agus Ionad Acmhainní Eolais comhordaitheoir na hÉireann don CEDEFOP European Network of Reference & Expertise (ReferNet) a bhfuil sé d'aidhm aige eolas a bbhailiú agus a scaipeadh ar oideachas agus oiliúint gairme i mBallstáit an Aontais Eorpaigh. Féach suíomh gréasáin ReferNet na hÉireann le cur síos iomlán ar ghníomhaíochtaí agus feidhmeanna an líonra. Tá naisc do líonraí Eorpacha Refer agus nuacht faoi na forbairtí agus foilseacháin is déanaí ar fáil freisin.

Tugann na naisc seo a leanas (atá ar fáil freisin ar shuímh ReferNet) rochtain dhreach dos na príomhbhunachair CEDEFOP.

Tugtar nuacht maidir le forbairtí i bpolasaí agus cleachtas ag leibhéal na hEorpa sa nuachliitir Éireannach CEDEFOP.

is féidir tuilleadh eolais ar CEDEFOP agsu a fhoilseacháin a fháil ón Leabharlann agus Ionad Acmhainní Eolais nó trí chuairt a thabhairt ar shuíomh  CEDEFOP nó a shuíomh idirghníomhach Training Village.

Uaireanta Oscailte

Is iad uaireanta oscailte na Leabharlainne agus an Ionaid Acmhainní Eolais ná:

  • Máirt, Céadaoin agus Déardaoin 9.00 a.m. - 12.30 p.m. agus 1.30 p.m. - 5.00 p.m.;
  • Luan agus Aoine 9.00 a.m. - 12.30 p.m.

Teagmháil le FÁS

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le:

FÁS Údarás Oiliúna agus Fostaíochta
Leabharlann agus Ionad Acmhainní Eolais
27-33 Sráid an Bhagóid Uachtarach
Baile Átha Cliath 4
Leabharlann
Teil: +353 (0)1 607 0537
Facs: +353 (0)1 607 0634
NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie