Eisíonn FÁS an Tráchtaireacht Ráithiúil is déanaí
Foilsithe ar 18u Iúil 2008
- MÉADÚ 24,000 LE THEACHT AR FHOSTAÍOCHT I MBLIANA ROIMH THITIM 31,000 I 2009
- TÁTHAR AG TUAR GO N-ARDÓIDH AN RÁTA DÍFHOSTAÍOCHTA GO DTÍ MEÁN 7.0% AN AE I 2009
- Cé go bhfuil fás thar an meán fós ar phoist in Éirinn, tá an timpeallacht eacnamaíochta ag dul chun donais, rud a chiallaíonn go ndéanfar ceartú gearrthréimhseach ar an margadh saothair go luath.
- Is é an táscaire is soiléire go bhfuil lagú sa mhargadh saothair ná an méadú tobann atá tagtha ar an mBeo-Chlár, a bhfuil méadú 27% tagtha air le sé mhí anuas. Mar sin féin níl thart ar an tríú cuid díobh siúd atá ag síniú le haghaidh leasa shóisialaigh incháilithe don Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta/Sochar do Lucht Cuardaigh Fostaíochta iomlán.
- In ainneoin an lagtrá, tá an ráta dífhostaíochta fadtéarmach fós ag an ráta is ísle riamh ag 1.2% agus tá an ráta fostaíochta de 69% fós níos airde ná meán an AE atá ag 66%.
- Tá athrú suntasach tagtha ar earnáil na talmhaíochta le méadú 7,000 tagtha ar fhostaíocht le 12 mhí anuas, tar éis í a bheith ag dul i laghad le blianta fada. Bhí baint aige seo leis an méadú a tháinig ar phraghas bia le déanaí anuas.
- Mar thoradh ar an margadh saothair níos laige sa chéad leath de 2008 tháinig laghdú ar líon na náisiúnach ón AE10 atá ag lorg oibre anseo (laghdú 37% bliain ar bhliain) agus an líon printíseacha nua atá ag dul isteach sa mhargadh saothair (laghdú 30%).
- Táimid ag súil go dtiocfaidh fás 24,000 ar líon na bpost ar an meán a bheidh sa tír i 2008, ach beidh a mhalairt de scéal i gceist i 2009 nuair a chaillfear 31,000 post ar an iomlán.
- Is é an príomh-rud a bheidh ag tarraingt síos an mhargaidh saothair i gcónaí ná an lagtrá in earnáil na tógála, agus tá cúrsaí creidmheasa níos géire á dhéanamh níos measa freisin.
- Táthar ag tuar go méadóidh an meán-ráta dífhostaíochta ó 4.6% i 2007 go dtí 5.5% i 2008 agus go dtí 7.0% i 2009, agus é tuartha go mbeidh an uimhir iomlán dífhostaíochta ag 170,000 faoi dheireadh na bliana seo chugainn.
- Creidimid go mbeidh líon na n-eisimirceach timpeall 20,000 níos airde ná líon na n-imirceach i 2009, tráth a dtabharfaidh oibrithe ó Lár na hEorpa freagra ar athruithe sna deiseanna fostaíochta anseo agus sa bhaile.
Chun cóipeanna den tuarascáil a fháil, téigh i dteagmháil le: Sheena Stewart ag:
teileafón: 01-6070526
fón póca: 087-2680301
r: sheena.stewart@fas.ie