Cé a bheidh in ann fónamh a bhaint as an Scéim Tacaíochta Cúram Leanaí Fostaíochta agus Oiliúna? Beidh tú i dteideal fónamh a bhaint as an Scéim Tacaíochta Cúram Leanaí Fostaíochta agus Oiliúna má tá tú cúram leanaí uait de thoradh ar glacadh le deis oiliúna.
Tá eisceacht amháin ann: Níl na cláir seo a leanas san áireamh ar an scéim:
CE agus JI, Fostaíocht Tacaithe, Príntíseachtaí, Cúrsaí Oíche, FÁS e-College - e-Coláiste; Job Clubanna agus an Clár Taithí Oibre.
Mar a oibreoidh sé: Beidh liosta i ngach Oifig FÁS/LES atá páirteach sa Scéim de na Soláthróirí Cúram Leanaí;
Nuair a thagann an litir thairisceana ag ofráil áite duit ar chúrsa, gheobhaidh tú liosta de na soláthróirí cúram leanaí áitiúla;
Úsáidfidh tú an litir seo le d'áit / d'áiteanna a chur in áirithint leis an soláthróir cúram leanaí ar feadh an ama a leanann an cúrsa ar aghaidh;
Feidhmeoidh soláthróirí cúram leanaí ar bhonn an té is túisce a thagann chucu is túisce a thabharfar áiteanna dóibh;
Nuair a thosnóidh tú an cúrsa oiliúna seo, gheobhaidh tú litir ag deimhniú go bhfuil tús curtha leis an gcúrsa maraon le deimhniú ar na dáta tosnaithe agus críochnaithe.
Bainfidh tú úsáid as an litir seo chun deimhniú a thabhairt don soláthróir cúram leanaí go bhfuil áit agat ar chúrsa oiliúna agus chun deimhniú a thabhairt duit maidir le dataí tosnaithe agus críochnaithe. Leanfaidh an áit / na háiteanna an fhaid a leanfaidh an cúrsa féin.
Munar féidir leat áit le cúramóir leanaí a dheimhniú:
Sa chás eisceachtúil nach bhfuil aon áit cúraim leanaí ar fáil ó soláthróirí cúram leanaí áitiúla, cur é seo in iúl do do Choiste Contae nó Cathrach Cúram Leanaí (CCC) ag míniú dóibh an t-ionad go díreach ina bhfuil cúram leanaí de dhíth ort. Déanfaidh an CCC gach iarracht (thar ceann an OMCYA) áiteanna breise a sholáthar i do cheantar áitiúil.
Tá sonraí teagmhála don Choiste Contae nó Cathrach Cúram Leanaí ar fáil
anseo .