Foilsíonn FÁS A Thráchtaireacht Ráithiúil Is Déanaí
Foilisithe ar 23 Deireadh Fómhair 2008
• LAGHDÚ 24% AR NA FOLÚNTAIS A FÓGRAÍODH DO FÁS GO DTÍ SEO I mBLIANA AGUS TITIM ANN I gCÁS GACH SLÍ BHEATHA
• MEASTAR GO dTIOCFAIDH LAGHDÚ AR FHOSTAÍOCHT I RITH 2009.
• De réir mar a tharla meathlú geilleagrach in Éirinn le linn céad leath na bliana seo tharla athruithe drámatúla chun donais ar an margadh saothair agus meastar go rachaidh sé seo chun donais arís sa ghearrtéarma. Is é an comhartha is suntasaí ar an laige atá tagtha ar an margadh saothair ná an méadú tapa atá tagtha ar líon na ndaoine ar an mBeo-Chlár. Tá sé seo 42% níos airde anois ná mar a bhí ag deireadh 2007. Is é Réigiún na Teorann an réigiún is measa ó thaobh crapadh an éilimh ar shaothar, agus méadú 84% ar iomarcaíochtaí go dtí seo i mbliana.
• Tá laghdú 41% tagtha ar líon na náisiúnach ag teacht go hÉirinn ó 12 Bhallstát Nua an AE de thoradh ar lagú an mhargadh saothair. Ach in ainneoin an laghdú a bheith tagtha ar inimirce eisíodh 61,000 uimhir PSP d'imircigh ó 12 Ballstát Nua an AE roimh dheireadh mhí Mheán Fómhair.
• Tharla laghdú 39% (-2,000) ar líon na bprintíseach nua ag teacht isteach sa bhfórsa saothair i rith chéad naoi mí na bliana 2008 agus bhí laghdú 54% (-1,300) ar líon na bprintíseach a bhfuil baint acu le cúrsaí tógála. Tharla an laghdú seo ar chlárú printíseachta i ndiaidh an mhéadaithe ar an ráta dífhostaíochta i measc daoine in aois 15-19.
• Tharla laghduithe freisin ar na folúntais a fógraíodh do FÁS go dtí seo i mbliana agus bhain siad le beagnach gach slí bheatha. Tharla titim suntasach i gcás oibrithe iompair (-50%), poist a bhaineann le TFC (-43%), poist tógála (-43%) agus oibrithe miondíola (-26%). Tríd is tríd tharla laghdú 24% ar fholúntais go dtí seo i mbliana. Tharla moilliú ar an bhfás ar thuillimh ar fud eacnamaíocht na tíre go léir i rith chéad leath na bliana 2008 de thoradh an lagaithe seo ar an éileamh ar shaothar. Is léir, nuair a chuirtear an boilsciú san áireamh, gur tharla laghdú ar thuilleamh i ngach earnáil, ach amháin i gcás baincéireachta agus airgeadais.
• Measaimid go dtiocfaidh laghdú beag de 0.2% ar an meán náisiúnta fostaíochta i mbliana agus go dtiocfaidh laghdú 3.8% air in 2009. Is san earnáil tógála a chaillfear formhór na bpost. Tarlóidh laghdú 19.4% ansin agus ní amháin go gcaillfear poist i dtógáil tithe ach beidh iomarcaíochtaí san earnáil tráchtála freisin toisc maolú a theacht ar an éileamh ar oifigí agus áitribh ar cíos.
• Beidh drochthionchar suntasach ag cúrsaí san earnáil tógála ar earnáil na seirbhísí agus cuirfidh an ghéarchéim creidmheasa agus an laghdú ar mhuinín na dtomhaltóirí leis na deacrachtaí sin. Is éard atá á thuar againn ná go dtiocfaidh laghdú 1.3% ar fhostaíocht iomlán sna seirbhísí i rith 2009.
• Féadfar a bheith ag súil go mbeidh tionchar suntasach ag crapadh an mhargadh saothair ar chúrsaí imirce agus go mbeidh eisimirce foriomlán de 27,000 ann an bhliain seo chugainn. Cé go measaimid go dtiocfaidh laghdú ar an soláthar saothair agus go mbeidh tionchar aige sin ar chúrsaí dífhostaíochta, in ainneoin sin táimid á thuar go bhféadfadh an ráta dífhostaíochta a bheith níos airde ná 8% roimh dheireadh na bliana 2009. Tá cúrsaí eacnamaíochta ina gcíor thuathail faoi láthair agus ar an ábhar sin tá na réamhaisnéis a dhéanaimid níos éiginnte ná mar is gnáth, agus is dóigh go mbeidh orainn athbhreithnithe a dhéanamh orthu nuair a bheidh sonraí ceathrú ráithe na bliana 2008 ar fáil.
• Ba é seo a dúirt eacnamaí sinsearach FÁS, Brian McCormick: "Ós rud é go bhfuil cúrsaí eacnamaíochta chomh héiginnte sin, dá mba mhian linn réamhaisnéis a dhéanamh faoi chúrsaí fostaíochta níos faide anonn ná 2009 bheadh orainn glacadh le toimhdí móra agus gan aon chinnteacht ann go bhfíorófaí iad. In ainneoin sin, mura dtagann feabhas suntasach ar eacnamaíocht an domhain, is éard an rud is cosúla, ag an bpointe seo, ná go dtarlóidh laghdú eile ar an éileamh ar shaothar in 2010.
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le: Brian McCormick ag:
Teileafón: 01-6070517
Fón póca: 087-2680301
Ríomhphost: brian.mccormick@fas.ie