Eolas Fúinn

baile » Eolas Fúinn » Nuacht » Seolann an Tánaiste dhá Thionscnamh nua de chuid FÁS

Seolann an Tánaiste dhá Thionscnamh nua de chuid FÁS

Foilsithe ar 25u Meitheamh 2008

An Chéadaoin, 25 Meitheamh: Sheol an Tánaiste agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta Máire Ní Chochláin TD dhá thionscnamh nua de chuid FÁS inniu:

• OILIÚINT OIBRITHE LE LEIBHÉIL NÍOS ÍSLE DE CHÁILÍOCHTAÍ

• FORBAIRT BHAINISTÍOCHTA GHNÓTHAIS BHEAGA AGUS MHEÁNMHÉIDE


Beidh rathúnas eacnamaíoch na hÉireann as seo amach ag brath ar fhorbairt scileanna ár lucht oibre. Ní mór dúinn scileanna oibrithe a uasghrádú go leanúnach. Is trí phróiseas na breisoiliúna leanúnaí de na hoibrithe sin, a bhfuil leibhéil níos ísle de cháilíochtaí acu, a bheidh cuideachtaí Éireannacha in ann buntáiste iomaíoch a dhaingniú go fadtréimhseach.

Tá an tionscnamh d'fhorbairt bhainistíochta ghnóthais bheaga agus mheánmhéide agus na tacaí maidir le hoiliúint oibrithe a bhfuil leibhéil níos ísle de ghnó acu ag díriú i dteannta a chéile ar an riachtanas do ghnólachtaí scileanna a lucht oibre a fhorbairt agus dá réir sin feabhas a chur ar tháirgiúlacht agus ar iomaíochas. Tá na cláir oiliúna á ndearadh ar bhealach ionas go ndéanfar na riachtanais reatha agus ionchais, atá bainteach le fás, de chuideachtaí Éireannacha, go háirithe gnóthais bheaga agus mheánmhéide, a choinneáil go hiomlán chun dáta in Éirinn.

Agus í ag labhairt ag seoladh thionscnamh FÁS, dúirt an Tánaiste: "Le blianta beaga anuas, mhéadaigh an Rialtas an maoiniú a chuirtear ar fáil trí FÁS go suntasach chun oiliúint agus breisoiliúint a chur ar dhaoine atá ag obair. Léiríonn an méadú seo ár dtiomantas chun feabhas a chur ar an iomaíochas náisiúnta le hoiliúint agus le forbairt. Tá infheistíocht iomlán de €19 milliún i bhforbairt ár lucht oibre i gceist leis na tionscnaimh nua seo de chuid FÁS, a chuirfidh oiliúint agus forbairt ar fáil do níos mó ná 11,500 duine fostaithe sa dá bhliain seo ag teacht".

Dúirt an Tánaiste freisin: “Tá sé léirithe gur dhócha go ndéanfadh bainisteoirí ardoilte, a thuigeann iad féin na buntáistí a bhaineann le breisoiliúint, luach na hoiliúna cuimsithí do leibhéil eile an lucht oibre a aithint. Dá réir sin, déantar oiliúint d'oibritheoirí ag a bhfuil leibhéil níos ísle de cháilíochtaí a éascú agus a chur chun cinn. Dá bhrí sin, tá na tionscnaimh atá á seoladh inniu comhlántach lena chéile.
Céim mhór chun tosaigh atá iontu le beartas an Rialtais a chur i bhfeidhm sa chomhthéacs seo. Tá sé de chuspóir ag an mbeartas seo a cinntiú go mbeidh lucht oibre againn in Éirinn amach anseo leis an leibhéal is airde oideachais agus oiliúna agus is féidir”.

Dar le hArd-Stiúrthóir FÁS Rody Molloy “Is iad na daoine sin ag an bun an mhargaidh fostaíochta na daoine is mó atá i mbaol maidir le hiomaíochas ó gheilleagair le costais ísle. Is iad poist na ndaoine seo is éasca a mhacasamhlú. Tá leibhéil ísle scileanna agus ghnóthachtálacha oideachais ag mórchuid na ndaoine seo. Caithfear é seo a athrú. As seo amach, beidh an fhostaíocht fhadtréimhseach ag brath ar phróiseas foghlama ar feadh an tsaoil, agus déanfar scileanna oibrithe na hÉireann, idir cuardaitheoirí poist agus daoine fostaithe ar aon, a uasghrádú ar bhonn leanúnach le linn a ngairme, seachas díreach sula dtéann siad isteach sa lucht oibre.”

Tá tuilleadh eolais le fáil ó:

Jim Buggle
Stiúrthóir
Seirbhísí do Ghnó
Teileafón: 01 607 0500
NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie