Eolas Fúinn

baile » Eolas Fúinn » Nuacht » Agus an fógra á dhéanamh aici dúirt an Tánaiste: "Is éard is cuspóir na scéime seo ná deis a thabhairt do phrintísigh iomarcacha céim ar an láthair dá bprintíseacht a chomhlánú d'fhonn an t-eolas, scil agus inniúlacht riachtanach a fháil chun dul chu

Fógraíonn an Tánaiste tacaíocht ón Rialtas do Phrintísigh Iomarcacha
Tá FÁS chun Scéim Rothlaithe nua atá Dírithe ar Fhostóirí a thabhairt isteach do Phrintísigh Iomarcacha

Foilsithe ar 05ú Eanáir 2009

D'fhógair an Tánaiste agus an tAire Fiontair, Trádála & Fostaíochta Mary Coughlan TD inniu (Luan 29ú Nollaig 2008) go bhfuil FÁS chun Scéim Rothlaithe do Phrintísigh Iomarcacha atá Bunaithe ar Fhostóirí a chur i bhfeidhm i mí Eanáir 2009. Iarrfar ar fhostóirí a bhfuil cuntas teiste acu maidir le hoiliúint chórasach chomhsheasmhach a chur ar fáil deis a thabhairt do phrintísigh iomarcacha a gcéim ar an láthair a chomhlánú sna ceirdeanna seo a leanas:

• Adhmadóireacht & Siúinéireacht
• Leictreach
• Plástráil
• Pluiméireacht
• Bríceadóireacht.

Agus an fógra á dhéanamh aici dúirt an Tánaiste: "Is éard is cuspóir na scéime seo ná deis a thabhairt do phrintísigh iomarcacha céim ar an láthair dá bprintíseacht a chomhlánú d'fhonn an t-eolas, scil agus inniúlacht riachtanach a fháil chun dul chun cinn rathúil a dhéanamh go dtí an chéad chéim seachtarphoist eile nó chun a bprintíseach a chomhlánú".

Tacóidh an scéim le hoiliúint ar an láthair do phrintísigh iomarcacha maidir le Céim 3, Céim 5 & Céim 7. Déanfar printísigh iomarcacha a sceidealú go dtí na Céimeanna seachtarphoist (céimeanna a chuirtear i gcrích ar láthair eile) i. Céim 2, Céim 4 & Céim 6 de réir na gcritéar sceidealaithe.

Réiteoidh FÁS, i gcomhar le fostóirí, socrúcháin do phrintísigh iomarcacha le fostóir incháilithe, chun teacht in ionad phrintísigh ar bith a bhí ann cheana ar scaoileadh leo chun freastal a dhéanamh ar chéim seachtarphoist dá bprintíseacht. Cuirfidh an fostóir oiliúint agus measúnú san áit oibre ar fáil le haghaidh céim ábhartha iomlán na printíseachta nó le haghaidh cuid de".

Dúirt an Tánaiste "Tá ar fhostóirí atá rannpháirteach sa scéim seo na rátaí tionscail ar comhaontaíodh iad do cheard printíseachta sainiúil a íoc leis an bprintíseach agus déanfaidh FÁS ranníocaíocht de €340 in aghaidh na seachtaine i leith costas fostaíochta a ghearrtar ar bhonn seachtain oibre 39 uair. Beidh costas iomlán na scéime seo tuairim is €4.0m, a thabharfaidh tacaíocht do bhreis is 500 printíseach iomarcach ag brath ar mheascán/fhad mheascán chéim iarbhír na bprintíseach thar tréimhse na scéime. Beidh an scéim i bhfeidhm go dtí an 31ú Nollaig 2009.

"Is é seo an ceann is déanaí de roinnt tionscnaimh a bunaíodh chun cúnamh a thabhairt do phrintísigh iomarcacha a n-oiliúint a chur i gcrích. Ó mhí Iúil na bliana seo, tá printísigh iomarcacha á sceidealú ag FÁS go dtí an chéad chéim seachtarphoist eile a bheidh á dhéanamh acu. Faoi láthair, tá 426 printíseach iomarcach ag tabhairt faoina n-oiliúint ar láthair eile maidir le Céim 2, Céim 4 & Céim 6 agus tá 551 sa bhreis arna sceidealú chun freastal orthu i rith na seachtainí atá amach romhainn", a dúirt an Tánaiste.

Dúirt an Tánaiste go bhfuil súil á choinneáil ar chúrsaí maidir le printísigh iomarcacha agus lorg sí tacaíocht ó na comhpháirtithe sóisialta chun deiseanna a thabhairt do dhaoine óga a bprintíseacht a chur i gcrích.

(Tá an phreaseisiúint seo ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne : www.entemp.ie)

EmployerBasedRedundantApprenticeRotationSchemebrochure.pdf
EmployerApplicationForm.pdf

DEIREADH/ETE 1991

Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le do thoil le:

Baile Átha Luain: 09064 86590
Baile Formaid: 01 6055900
Baile Dhúill: 01 8167400
Corcaigh: 021 4856200
Dún Dealgan: 042 9355700
Fionnghlas: 01 8140200
Gaillimh: 091 706200
Luimneach: 061 487900
Baile Lachnáin: 01 2043600
Sligeach: 071 9159500
Tamhlacht: 01 4275400
Trá Lí: 066 7126444
Port Láirge: 051 301500
NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie