Eolas Fúinn

baile » Eolas Fúinn » Nuacht » Clár Intéirneachta um Dhúshlán Eolaíochta go hoifigiúil 07 10 08

Tugann 42 mac leinn Éireannach faoi dhúslán taighde agus eolaíochta idirnáisiúnta

Foilsithe ar 7u  Deireadh Fómhair 2008

 

Inniu (23ú Meán Fómhair, 2008), sheol FÁS a cheathrú Clár Intéirneachta um Dhúshlán Eolaíochta go hoifigiúil, a thugann deiseanna taighde uathúla do 42 céimí, iarchéimí agus printíseach i réimse na hInnealtóireachta agus na hEolaíochta Feidhmí, ag searmanas speisialta i dTeach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath. Is í aidhm an tionscnaimh ná réimse scileanna na ndaoine seo a fheabhsú, naisc a neartú le hinstitiúidí sa rangú domhanda, an bonn taighde in Éirinn an leathnú agus oiliúint a chur ar cheannairí tionscail na todhchaí.

 

Tabharfaidh daichead a dó duine faoi chlár intéirneachta 6 mhí, ina mbeidh deis acu dul i mbun tionscadail taighde a bhaineann lena ndisciplíní ag institiúidí agus eagraíochtaí taighde sna Stáit Aontaithe agus sa tSualainn.  I measc na saineolaithe agus na meantóirí a bheidh ag obair leis na rannpháirtithe beidh Nobel Laureate, an tOllamh Ferid Murad, buaiteoir Duais Nobel (Fiseolaíocht agus Leigheas, 1998), agus an Dr Bert O’Malley, Ollamh agus Cathaoirleach na Roinne Bitheolaíochta Móilíní agus Ceallaí ag Baylor College of Medicine, Houston, Texas. 

 

Ag labhairt dó ag an seoladh, rinne Rody Molloy, Stiúrthóir Ginearálta FÁS, tagairt don infheistíocht tháirgiúil i gcláir taighde agus forbartha, chomh maith le breisoiliúint atá riachtanach lena chinntiú go bhfuil sé de chumas ag fórsa saothair na hÉireann caipitliú ar dheiseanna margaidh shaothair.   "Tá an tionscnamh seo fíor-thábhachtach chun riachtanais an mhargaidh shaothair a réamh-mheas i dtreo is go gcinnteofar d'fhostóirí i réimse na heolaíochta, na hinnealtóireachta agus na teicneolaíochta go mbeidh siad ag plé le fórsa saothair atá oilte do chaighdeáin de scoth domhanda, agus go bhfuil taithí idirnáisiúnta acu chomh maith." a dúirt sé. 

 

Agus comhghairdeas á ghabháil leis na hintéirnigh ar a n-imeacht, dúirt an Dr O' Malley "tá comhoibriú leanúnach riachtanach chun an chéad ghlúin eile de cheannairí eolaíochta Éireannacha agus Dúshlán Eolaíochta FÁS a chothú mar chlár físeach, agus chun mic léinn agus ceardaithe a spreagadh le cur lena gcuid staidéir i mbealach uathúil agus corraitheach."  Gheobhaidh an Dr O'Malley an Bonn Náisiúnta Eolaíochta ar 29ú Meán Fómhair ó Uachtarán Bush ag searmanas sa Teach Bán (Teach an Uachtaráin). Is é an onóir is mó d'eolaithe sna Stáit Aontaithe a thugann aitheantas do thaighde eolaíochta ceannródaíoch i raon de réimsí, lena n-áirítear eolaíochtaí bitheolaíocha, fisiceacha, matamaiticiúla, sóisialta, iompair agus innealtóireachta.  Beidh duine den ochtar ceannairí san eolaíocht a fuair an Bonn Náisiúnta Eolaíochta 2007, an Dr O' Malley mar an ceathrú duine i Texas chun an dámhachtain a fháil sna heolaíochtaí bitheolaíocha; fuair an triúir eile an Duais Nobel. 

Deireadh

Le haghaidh tuilleadh faisnéise/agallaimh meáin téigh i dteagmháil le:

Gráinne Timlin / Fiona Murphy, FÁS

Teil. (087) 682 5908 / (087) 263 9149

 

Nótaí d'Eagarthóirí:

 

Nóta 1:

Tá Tionscnamh Dúshlán Eolaíochta FÁS déanta suas den chúig phríomhchlár seo a leanas:

 

An Clár Intéirneachta

Clár breisoiliúna sé mhí le hinstitiúidí oideachais, áiseanna taighde agus an tionscal sna Stáit Aontaithe agus sa tSualainn.  Tabharfaidh daichead a dó intéirneach faoi chlár 2008/2009 go luath agus tá printísigh, sealbhóirí príomhchéime agus sealbhóirí PhD san áireamh ar an bhfoireann.

 

Clár Breisoiliúna d'iarphrintísigh cáilithe FÁS, atá ag obair le 2-3 bliain agus atá ainmnithe ag a bhfostóir. 

 

Cabhraíonn Sparánachtaí Iarchéime le mic léinn mar chuid dá nOiliúint Céime in Ollscoileanna i Meiriceá, sa tSín agus sa tSeapáin.

 

Clár Oiliúna Taighde 

Soláthraíonn sé deiseanna do mhic léinn na 3ú bliana sa tríú leibhéal freastal ar oiliúint taighde sna hEolaíochtaí Bithleighis, chun scileanna breise a thabhairt dóibh agus chun iad a nochtadh le dul ar aghaidh chun PhD a dhéanamh i ndiaidh dóibh a bpríomhchéim a chomhlíonadh.

 

Tugann Scoláireachtaí Náisiúnta maoiniú d'obair taighde scoláireachta iarchéime in institiúidí de scoth domhanda le béim tosaigh ar ollscoileanna sna Stáit Aontaithe.  San áireamh leo tá Harvard Medical School, Baylor College of Medicine, University of Texas Medical Centre, Richard Smalley Institute for Nanoscale Science and Technology ag Rice University, Duke University, MIT, NASA srl.

 


 

Nóta 2: Liosta Intéirneach do Dhúshlán Eolaíochta FÁS 

Láthair

Céad Ainm

Seoladh

Coláiste

Seoladh Teagmhála

Bostún

Anthony

Dalton

Ollscoil Náisiúnta na hÉireann Gaillimh / Ollscoil Luimnigh

Gaillimh

Bostún

Sean P

Dunne

An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Rath Cúil, Baile Átha Cliath

Bostún

Andrew

Hearn

Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

Cabán tSíle, Baile Átha Cliath 18

Bostún

Darren

Kearney

Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24

Bostún

Laurence

McKenna

Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

Baile Formaid, Baile Átha Cliath 10

 

 

 

 

 

Carolina Thuaidh

Michelle

Burns

Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

Teach Srafáin, Co. Chill Dara.

Carolina Thuaidh

Damian

Lally

Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo

Carolina Thuaidh

Colm

Mulkerrin

Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

Cill Droichid, Co. Chill Dara

Carolina Thuaidh

Peter

Rooney

Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

Baile Creagh, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24

Carolina Thuaidh

Rebecca

Smith

Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

Maigh Nuad, Co. Chill Dara

Carolina Thuaidh

Aine

Tierney

Ollscoil Luimnigh

Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe

 

 

 

 

 

Florida

Brid

Brosnan

Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh

Cill Airne, Co. Chiarraí

Florida

James

Carton

Institiúid Teicneolaíochta Átha Cliath/Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

An Baile Nua, Baile Átha Cliath 9

Florida

David

Clarke

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Cluain Aodha, Co. na Mí

Florida

Lisa

Connole

Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh

Cill Fhionnúrach, Co. an Chláir

Florida

Deirdre

Fox

PhD-Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath/Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí

Baile an Londraigh, Co. Luimnigh

Florida

Brian

Kelly

Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

Teach Sagard, Co. Bhaile Átha Cliath

Florida

Gerard

Newsham

Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh

An Corrbhaile, Luimneach

Florida

Chris

O Brien

An tAerchór

Ceann Toirc, Co. Chorcaí

Florida

Colin

Heaslip

An tAerchór

Ráth Iomgháin, Co. Chill Dara

Florida

Daragh

O Callaghan

An tAerchór

Teach Mealóg, Baile Átha Cliath 6W

Florida

David

O Meara

An tAerchór

Durlas, Co. Thiobraid Árann

 

 

 

 

 

Houston

Nigel

Alley

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Port Laoise, Co. Laoise

Houston

Enrico

Andreoli

Ollscoil na hÉireann, Má Nuad

Má Nuad, Co. Chill Dara

Houston

Sandra

Bennett

Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

An Nás, Co. Chill Dara

Houston

Gerard

Casey

Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

Cill Iníon Léinín, Co. Bhaile Átha Cliath

Houston

Caoimhe

de Frein

Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

Dún Laoighaire, Co. Bhaile Átha Cliath

Houston

Stephen

Goldrick

Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

Cabán tSíle, Baile Átha Cliath 18

Houston

Ashling

Hampson

Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

Lusca, Co. Bhaile Átha Cliath

Houston

Aoife

Kelly

Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo

Houston

Kim

Maguire

Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

Dún Droma, Baile Átha Cliath 16

Houston

Paul

McKenna

Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

Ráth Eanaigh, Baile Átha Cliath 5

Houston

Rick Eyi

Nkoghe

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Diméin Sheantraibh

Houston

Annalouise

O Connor

Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath 

Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14

Houston

John

Purdue

Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

Carraig an tSionnaigh, Baile Átha Cliath 18

Houston

Alex

Ridgeway

Ollscoil na hÉireann, Má Nuad/Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15

Houston

Damian

Synnott

Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

Bré, Co. Chill Mhantáin

 

 

 

 

 

Cósta Ríce

James

Mulcahy

Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

Bóthar Bhaile Ghriffin, Baile Átha Cliath 13

Cósta Ríce

Ciaran

Murphy

Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

Cnoc Líomhna, Baile Átha Cliath 16

 

 

 

 

 

Nua-Eabhrac

Martin

Downes

Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

Áth an Ghainimh, Baile Átha Cliath 18

Nua-Eabhrac

Leagh

Powell

Ollscoil na hÉireann, Corcaigh

Cnoc an Airm, Corcaigh

 

 

 

 

 

An tSualainn

Elizabeth

Murphy

Ollscoil Luimnigh

Tobar Phádraig, Co. Luimnigh

 

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie