Eolas Fúinn

baile » Eolas Fúinn » Nuacht » 18 Samhain 2008

Fógra Tábhachtach do Phrintísigh Iomarcacha

Foilsithe ar 18ú Samhain 2008

Más printíseach cláraithe tú le FÁS agus gur cuireadh deireadh led' fhostaíocht (rinneadh iomarcach tú) toisc nach bhfuil go leor oibre ar fáil chun d'fhostaíocht mar phrintíseach a choimeád, bí cinnte go ndéanann tú an méid seo a leanas:
- é a chur in iúl do Sheirbhísí FÁS don Lucht Gnó go bhfuil tú iomarcach (féach na sonraí teagmhála thíos)
- clárú le d'Oifig Seirbhísí Fostaíochta FÁS áitiúil le cabhair a fháil chun fostaíocht nua a aimsiú le go mbeidh tú in ann leanúint ar aghaidh le do phrintíseacht
- na sonraí go léir a bhaineann le d'fhostaíocht printíseachta le fostóir atá formheasta ag FÁS a chur in iúl do Sheirbhísí FÁS don Lucht Gnó, i dtreo is go bhféadfaí an t-am seo a chur san áireamh agus do dháta críochnaithe á ríomh dod' phrintíseacht.

Tá beart eatramhach curtha i bhfeidhm ag FÁS a ligeann do phrintísigh a ndéantar iomarcach iad leanúint ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile dá bprintíseacht i gcomhréir leis na critéir sceidealaithe reatha.

Is féidir faisnéis maidir le folúntais fhostaíochta a fháil trí ghlaoch a chur ar Poist FÁS in Éirinn ar an uimhir shaorghlao 1800 611 116 nó ar láithreán gréasáin FÁS (www.fas.ie).

Sonraí Teagmhála Sheirbhísí FÁS don Lucht Gnó
Baile Átha Cliath Thuaidh Ionad Oiliúna FÁS, Eastát Tionsclaíoch Bhaile Dúill, Baile Átha Cliath 13.  Teil. 01 816 7400
Baile Átha Cliath Thuaidh Ionad Oiliúna FÁS, Fionnghlas, Eastát Tionsclaíoch Chrann Phapáin, Bóthar Bhaile Shéamais, Sráidbhaile Fhionnghlaise, Baile Átha Cliath 11. Teil. 01 814 0200
Baile Átha Cliath Theas Ionad Oiliúna FÁS, Bóthar Wyattville, Baile Uí Lachnáin. Teil. 01 204 3600
Baile Átha Cliath Thiar Ionad Oiliúna FÁS, Cnoc Bhaile Formaid, Baile Átha Cliath 10. Teil. 01 605 5900
Lár na Tíre FÁS, Aonad 4 an Lárchúirt, Páirc Ghnó & Thionsclaíoch Blyry, Baile Átha Luain, Contae na hIarmhí. Teil. 090 648 6590
An tIarthar Láir Ionad Oiliúna FÁS, Eastát Tionsclaíoch na Ráithín, Luimneach. Teil. 061 487 900
An tIarthar Ionad Oiliúna FÁS, an Eastát Tionsclaíoch, Mervue, Gaillimh. Teil. 091 706 200
An tIardheisceart Ionad Oiliúna FÁS, Ascaill Rosa, Baile an Easpaig, Corcaigh. Teil. 021 485 6200
An tOirdheisceart Ionad Oiliúna FÁS, an Pháirc Thionsclaíoch, Bóthar Chorcaí, Port Láirge. Teil. 051 301 500
An tOirthuaisceart Ionad Oiliúna FÁS, Bóthar Coe, Dún Dealgan, Contae Lú. Teil. 042 935 5700
An tIarthuaisceart Ionad Oiliúna FÁS, Baile Uí Theimhneáin, Sligeach. Teil. 071 915 9500.
NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie