BRÓISIÚR FAISNÉISE FAOI OILIÚINT INNEALTÓIREACHTA FÁS
Cuireadh Chun Páirt a Ghlacadh
Foilsithe ar 20u Deireadh Fómhair 2008
Tá bróisiúr faisnéise á fhorbairt faoi láthair ag Grúpa Tionscail Innealtóireachta FÁS a thabharfaidh sonraí ar na deiseanna oiliúna atá ar fáil sa tionscal innealtóireachta ar fud na tíre.
Má chuireann do chuideachta nó eagraíocht oiliúint innealtóireachta ar fáil in Éirinn, agus má theastaíonn uait do shonraí teagmhála iomlána a chur san áireamh, saor in aisce, san fhoilseachán nua seo, téigh i dteagmháil le: An tUasal Chris Feeney, Bainisteoir, Seirbhísí do Ghnó FÁS (An Earnáil Innealtóireachta), Teileafón: (01) 816 7400; ríomhphost: chris.feeney@fas.ie faoin Aoine, 7ú Samhain, 2008.
Dáilfidh an Grúpa Tionscail Innealtóireachta an leabhrán seo agus beidh sé ar fáil le híoslódáil ar láithreán gréasáin FÁS www.fas.ie chomh maith.
Is comhlacht é an Grúpa Tionscail Innealtóireachta a dhéanann ionadaíocht ar na páirtithe leasmhara ábhartha uile sa tionscal innealtóireachta in Éirinn. Is é ról an Ghrúpa Tionscail Innealtóireachta ná "comhairle a chur ar Bhord FÁS agus cabhrú leo sna cúrsaí uile a bhaineann le saincheisteanna oiliúna agus daonchumhachta maidir leis an tionscal innealtóireachta". Díríonn an Grúpa ar Bheartas, Phleanáil Daonchumhachta, Mholtaí Oiliúna, Thaighde agus Shaincheisteanna Idirnáisiúnta.