Eolas Fúinn

baile » Eolas Fúinn » Nuacht » Gillis Lecture

Dr. Malcolm Gillis

Foilsithe ar 02u Meitheamh 2008

Tabharfaidh an scoláire agus an t-eacnamaí an Dr. Malcolm Gillis, a bhfuil clú idirnáisiúnta air, léacht ar “Peirspictíochtaí ar Theicneolaíocht an 21ú hAois", Dé Céadaoin an 4 Meitheamh, ag 6 i.n. in Acadamh Ríoga na hÉireann.


Pléifidh “Peirspictíochtaí ar Theicneolaíocht an 21ú hAois" na trí theicneolaíocht choinbhéirseacha a athróidh go hábhartha conas a mhairfimid, cé chomh maith is a mhairfimid agus cé chomh fada is a mhairfimid. Trí phlé le hathrú teicneolaíoch ó pheirspictíocht na staire, déanfaidh an léacht iniúchadh ar an idirphlé idir bhiteicneolaíocht agus theicneolaíocht na faisnéise agus idir bhiteicneolaíocht agus nanaitheicneolaíocht a chríochnóidh leis an ‘Oll-Idirphlé de Bhiteicneolaíocht-Teicneolaíocht na Faisnéise-Nanaitheicneolaíocht'. Tá an Dr. Gillis ina aoi ag FÁS, an Foras Áiseanna Saothair. Aithníonn FÁS an gá atá le dul chun cinn leanúnach i réimsí na heolaíochta agus na teicneolaíochta d'fhonn forás eacnamaíoch leanúnach a bhaint amach agus le cur ar chumas na hÉireann a bheith iomaíoch agus rathúil ar scála domhanda, agus dá réir sin thug sé cuireadh don Dr. Gillis mar phríomh-shaineolaí chun léacht a thabhairt ar fhorbairtí sna réimsí seo.

Lorna Hanniffy/Grainne Timlin, FÁS Science Challenge
057 912 6612/087 2405763/087 6825908, email: sciencechallenge@fas.ie
NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie