Eolas Fúinn

baile » Eolas Fúinn » Nuacht » SEOLANN AN T-AIRE TUAIRISC BHLIANTÚIL FÁS AR AN MARGADH SAOTHAIR

SEOLANN AN T-AIRE TUAIRISC BHLIANTÚIL FÁS AR AN MARGADH SAOTHAIR

Foilsithe ar Nollaig 2007

  • BEAGNACH 300,000 POST CRUTHAITHE LE LINN ‘DARA TONN’ AN BHORRADH FOSTAÍOCHTA
  • MAOLÚ LE BHEITH AR FHÁS FOSTAÍOCHTA I 2008
  • POLASAITHE NUA DE DHÍTH MAR AITHEANTAS AR AN DTIMPEALLACHT FÁIS NÍOS MOILLE
Inniu, (19 Nollaig 2007) sheol an tAire Micheál Martin Tuairisc Bhliantúil FÁS ar an Margadh Saothair 2007 a phléann príomhnithe an mhargadh saothair lena n-áirítear an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag moilliú san eacnamaíocht, tionchar na hinimirce agus na freagraí polasaí ar dhomhandú méadaithe.

Déanann eagrán 2007 den Athbhreithniú ar Mhargadh Saothair na hÉireann suntas de na nithe seo a leanas:

Bhí rath as cuimse ar mhargadh saothair na hÉireann ó thosaigh an borradh fostaíochta i gceart i 1998, agus cruthaíodh 600,000 post breise, agus shroich líon iomlán na ndaoine i bhfostaíocht 2.1 milliún i 2007. Le fírinne, i stair na hEorpa le déanaí éacht thar na bearta a bhí sa rath i margadh saothair na hÉireann.

Go dtí seo i 2007 d’fhás fostaíocht faoi 3.3% (+67,600) bliain-ar-bhliain go 2.1 milliún. Léiriú is ea é seo ar fheidhmíocht an-láidir sa mhargadh saothair.

Mar sin féin, caithfear a aithint go mb’fhéidir go bhfuil maolú ag teacht ar an ‘dara tonn’ sa bhorradh eacnamaíochta a thosaigh i 2004. Sa ghearrthéarma, tuarann FÁS go mbeidh fás fostaíochta de 20,000 ann i 2008. D’fhéadfadh go dtitfeadh fostaíocht in earnáil na tógála faoi 30,000 le linn na tréimhse 2007-2008 agus go mbeadh an fás ar fad i bpostanna i 2008 (+40,000) ag teacht ó earnáil na seirbhísí.

Cé go méadóidh an maolú fostaíochta líon na ndaoine dífhostaithe, d’fhéadfaí an tionchar a mhaolú má tá freagra suntasach ó thaobh soláthair an lucht saothair cosúil leis an moilliú i 2001. Ag glacadh leis go mbeidh moilliú ar inimirce agus rannpháirtíocht, tuartar go n-ardóidh líon na ndaoine dífhostaithe ó mheán de 98,000 i mbliana go 117,000 i 2008, agus go n-ardóidh an ráta dífhostaíochta ó 4.5% go 5.2%. Beidh sé seo fós ar cheann de na rátaí is ísle san AE.

Maidir le tuillimh, tá rátaí fáis thart ar 5% ar an meán in earnálacha uilig na heacnamaíochta, i dtéarmaí ainmniúla, is ionann sin agus fás neamhbhríoch i ndáiríre. Mar sin féin, clúdaíonn an figiúr meántuillimh seo an scéal go raibh fás i bhfad níos láidre ag bun an speictrim, mar thoradh ar dhá ardú san íosphá i mbliana. Is dócha go mbeadh tuillimh ainmniúla níos airde go mór dá mba rud é nár lean inimirce eacnamaíochta ag freagairt don éileamh ar shaothar: b’ionann sin agus 60% den fhás i bhfostaíocht i 2007.

Agus fás níos ísle ann beidh sé tábhachtach iomaíochas a choinneáil agus beidh gá féachaint ar na próisis margála pá náisiúnta atá ann faoi láthair lena chinntiú go bhfuil siad ag freagairt do réaltachtaí eacnamaíochta atá ag athrú.

Freisin beidh sé tábhachtach cuidiú le hathoiliúint na ndaoine sin is mó a bheidh i gcontúirt agus maolú ann, ach go háirithe oibrithe tógála, sa chaoi is go mbeidh siad in ann fostaíocht a ghlacadh in earnála fáis.

Maidir leis an ionchas sa mheántéarma, dúirt eacnamaí FÁS, Brian McCormick: ‘Mar thoradh ar na heachtraí diúltacha eacnamaíochta domhanda le déanaí, is iad fás maolaithe fostaíochta agus arduithe breise sa dífhostaíocht na torthaí is dóichí i ndiaidh 2008 amach. Mar sin féin, mar thoradh ar an luaineacht atá ann faoi láthair, is tuaranna an-trialach iad tuaranna meántéarma. Ina theannta sin, beidh impleachtaí cinnte dífhostaíochta mar thoradh ar mhaolú suntasach ag brath go mór ar an bhfreagra inimirce, nach raibh a leithéid ann riamh cheana i gcomhthéacs na hÉireann.”

Cliceáil anseo chun na hathbhreithnithe ar mhargadh saothair a fheiceáil

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le:
Brian McCormick, Eacnamaí, FÁS. Fón póca: +353 (0)87 268 0301
Caitriona White, Gnóthaí Corparáide, FÁS. Fón póca: +353 (0)87 906 6559
NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie