Ag Tógáil ar an bhFís
Leis an mbunathrú sa mhargadh saothair le blianta beaga anuas, leanann FÁS ag athrú chun freastal ar riachtanais an gheilleagair atá anois ag fostú breis ag 2 mhilliún duine. Tá dúshláin nua ann leis an rath seo, le hinbhuaine a chinntiú agus le cuimsitheacht shóisialta a leathnú. Ag baint úsáide as an taithí agus an rath a bhí aige i soláthar a straitéise deiridh, agus mar thoradh ar phróiseas comhairliúcháin inmheánach agus seachtrach, is é 'Ag Tógáil ar an bhFís' an Ráiteas Straitéise do 2006-2009. Tógann sé san áireamh athruithe faoi láthair sa timpeallacht eacnamaíoch agus sa mhargadh saothair, chomh maith le treoir pholasaí an Rialtais agus an AE, ainmníonn sé dúshláin, deiseanna agus príomhtosaíochtaí nua do FÁS don 4 bliana atá romhainn.
Leagann Straitéis Oiliúna FÁS amach fís leathan d’oiliúint FÁS sna blianta atá romhainn. Léiríonn sé na príomhghnéithe seachtracha a théann i gcion ar ghníomhaíochtaí FÁS, déanann sé athbhreithniú ar sholátha faoi láthair, agus léiríónn sé nádúr agus meascán na gcláracha oiliúna agus na seirbhísí atá de dhíth don todhchaí. Tá Straitéis Oiliúna FÁS ag teacht le 'Ag Tógáil ar an bhFís'.
Cuireadh an Straitéis TFC maidir le teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide ar bun sa bhliain 2002 chun an leas is mó a bhaint as teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide i soláthar seirbhísí agus i bpróisis agus córais inmheánacha.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Straitéis FÁS, déan teagmháil le:
Aonad Forbartha Eagraíochta
Príomhoifig FÁS
27-33 Sráid an Bhagóid Uachtarach
Baile Átha Cliath 4