Ag Tógáil ar Ár bhFís
Tugann an Ráiteas Straitéise 2006-2009, ar a dtigtar 'Ag Tógáil ar Ár bhFís' léiiriú cuimsitheach ar na dúshláin agus na deiseanna os comhair FÁS sa tréimhse 2006-2009. Tugann sé cur síos ar an ngníomh a dhéanfaidh FÁS chun cláracha agus seirbhísí den scoth a sholáthar chun freastal ar riachtanais réimse leathan de chustaiméirí agus páirtithe leasmhara i margadh saothair agsu timpealalcht polasaí atá ag athrú. Freisin leagan sé amach gníomhartha inmheánacha atá beartaithe chun an eagras a dhéanamh níos freagraí dos na riachtanais seo. Sa chomhthéacs seo, is í an fhís atá ag FÁS ná "feabhas i soláthar seirbhísí mhargadh saothair".
Aithníonn FÁS a mhisean mar "eacnamaíocht eolas-bhunaithe níos iomaíthaí agus ní cuimsithí a chothú, i gcomhair lena pháirtithe leasmhara, trí scileanna agus cumais dhaoine aonair agus fiontar a fheabhsú".
Ar an mbunús seo, saainíonn FÁS a bhunluachanna agus tugann léiriú ar aidhmeanna ardtosaíochta chun an misean a bhaint amach. Dírítear ar fheabhas agus nuálachta i seirbhísí agus i gcláir mar chuid de straitéis FÁS.