Is é Foras Áiseanna Saothair (FÁS) Údarás Náisiúnta Oiliúna agus Fostaíochta na hÉireann. Bunaíodh é in Eanáir na bliana 1988 faoin Acht Seirbhísí Saothair 1987.
Áiríonn feidhmeanna FÁS cláracha oiliúna agus fostaíochta a oibriú; seirbhís fostaíochta/earcaíochta a sholáthar; seirbhís comhairle do thionscal; agus tacaíocht d'fhiontair pobalbhunaithe.
Capann an tAire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta Bord FÁS chun treo leathan an Údaráis a mhaoirsiú. Tá ionadaithe ann ó cheardchumainn, fostóirí, leas shóisialaigh, oideachas agsu óige, chomh maith le hionadaithe ó Ranna Rialtais (Ranna Airgeadais; Oideachais agus Eolaíochta; Gnóthaí Sóisialta, Pobail agus Teaghlaigh; agus Fiontair, Trádála agus Fostaíochta), chomh maith le hionadaithe ó fhostaithe FÁS.
Tá an Bord Feidhmiúcháin freagrach as bainistíocht srtaitéiseach FÁS.
Laistigh de FÁS, déanann 18 Stiúrthóir agus 10 Stiúrthóir Réigiúnda prímhghníomhaíochtaí na heagraíochta tríd an líonra náisiúnta.
Tá foireann thart ar 2,200 ag FÁS ina líonra de 59 oiifig seirbhíse fostaíochta agus 20 ionad oiliúna ar fud na tíre.