Meas ar an gCustaiméar
Leagann an Chairt thíos amach na caighdeáin seirbhíse is féidir lenár gcustaiméirí a bheith ag súil leo ó FÁS.
Tá an tseirbhís a chuirimid ar fáil á threorú ag na bunluachanna custaiméara:
- Cinntímid go gcaitear lenár gcustaiméirí ar bhealach atá cúramach, cuimsitheach agus cóir;
- Féachaimid le barr feabhais a bhaint amach tré fhreagairt d'ár gcustaiméirí trí riachtanais a atihint le chéile agus obair leo chun torthaí aontaithe a bhaint amach;
- Táimid nuálach agus solúbtha ag freagairt do riachtanais ár gcustaiméirí;
- Téimid i gcomhairle lenár gcustaiméirí ar bhealach oscailte agus cóir, ag tacú le modh oibre na comhpháirtíochta i FÁS;
- Déanaimid iarracht na seirbhísí uilig a sholáthar chomh héifeachtach agus is féidir.
Cuirfidh FÁS an scothsheirbhís seo ar fáil faoi chinnteidil mar seo a leanas – Foireann/Custaiméar; Deachleachtas; Eolas Custaiméara; Comhionannas; Sláinte agus Sábháilteacht; Príobháideacht agus Rúndacht; Comhairle/Aiseolas; Tráthúlacht; agus Gearáin.
Foireann/Custaiméar
Tacú le éiteas de sheirbhís custaiméara i measc na foirne uilig. Bronann an chairt seo na leibhéil chéanna meas agus cúirtéise ar bhaill den phobal agus foireann FÁS.
Deachleachtas
Deachleachtas i soláthar sheirbhísí a ghlacadh.
Eolas Custaiméara
Feasacht phoiblí ar chláracha FÁS a chothú. Is féidir le custaiméirí teacht ar eolas ar sheirbhísí FÁS trí chuairt a a thabhairt ar aon cheann d'ár n-oifigí ar fud na tíre nó trí bhrabhsáil ar ár suíomh gréasáin.
Comhionannas
Ár seirbhísí a chur ar fáil dos na custaiméirí uilig ar bhealach cúirtéiseach agus cóir agus ag cloí go hiomlán le reachtaíocht comhionannais. Rochtain ar sheirbhísí FÁS a éascú do dhaoine faoi mhíchumas.
Sláinte agus Sábháilteacht
Oifigí poiblí agus áiteanna oiliúna a sholáthar a chloíonn le caighdeáin gairme agus sábháilteachta.
Príobháideacht agus Rúndacht
Déanat gach gnó lenár gcustaiméirí ar bhealach a léiríonn meas ar a gcearta príobháideachta agus rúndachta.
Comhairle/Aiseolas
Éisteacht, machnamh a dhéanamh agus meas a bheith ar tuairimí a léirítear agus, nuair is féidir agus laistigh de scála ama réalaíoch, teacht ar aontú faoi bhealach ar aghaidh. Cuireann FÁS fáilte roimh do thuairimí ar aon ghnéithe d'ár seirbhísí toisc go gcuideoidh siad linn do riachtanais a shásamh níos fearr.
Tráthúlacht
Freagairt do litreacha, ríomhphoist agus post gutha go tráthúil agsu go héifeachtach. Má tá níos mó ná 5 lá oibre de dhíth chun freagra a ullmhú, eiseoidh FÁS admháil do ghach teachtaireacht/comhfhreagras.
Gearáin
Déileáil le fiosruithe ar bhealach oscailte agus cothrom. Déanfar gach iarracht, ag leibhéal áitiúil, an gearán a réiteach chun sásamh an chustaiméara agus FÁS araon. Beidh comhordaitheoir gearáin ar fáil chun plé le gearáin nach féidir a réiteach go háitiúil. Féach an Gnás Gearáin iomlán.