Eolas Fúinn

baile » Eolas Fúinn » Struchtúr Corparáide » Gnás Gearáin

Gnás Gearáin

Caitear le gearáin ó chliaint FÁS ar bhealach proifisiúnta, iontaofa agsu rúnda. Níl an Gnás Gearáin i bhfeidhm d'fhoireann FÁS nó dóibh siúd a chuireann seirbhísí ar fáil do FÁS.

Tá 3 chéim sa ghnás gearáin do rannpháirtithe in Ionaid Oiliúna FÁS nó ar chláracha fostaíochta agus an pobal i gcoitinne – céimeanna 1; 2; agus 3.

Céim 1

Rannpháirtithe ar Chúrsaí Ionad Oiliúna FÁS

ba chóir an gearán a dhéanamh leis an teagascóir, oiliúnóir nó éascaitheoir. Má fhanann an gearán gan réiteach ba chóir é a tharchur chuig Bainisteoir Ionad Oiliúna FÁS.

Rannpháirtithe ar Chláracha Fostaíochta FÁS

Dóibh siúd páirteach ar chláracha fostaíochta (Fostaíocht Pobail, Tioscnamh Jab, srl.) ba chóir an gearána a dhéanmah leis an maor díreach.Má fhanann an gearán gan réiteach ba chóir é a tharchur don urraitheoir chláir (an fostóir). Má fhanann an gearán gan réiteach ba chóir é a tharchur don Oifigeach Fostaíochta Pobail FÁS freagrach as an tionscnamh.

Baill eile den phobal

Más mian le ball den phobal gearán a dhéanamh, ba chóir dóibh é a dhéanamh leis an roinn nó bainisteoir ar leith.

Céim 2

Más rud é, agus an chéad chéim déanta, go bhfanann an gearán gan réiteach ba chóir don chliaint é a tharchur chuig:

Comhordaitheoir Sheirbhísí Cliaint FÁS f/ch Seirbhísí Dlí
Ceannoifig FÁS
27-33 Sráid an Bhagóid Uachtarach
Baile Átha Cliath 4
Teil.: +353 (0)1 607 0500
Facs: +353 (0)1 607 0600

Céim 3

Más rud é nach féidir an gearán a réiteach is féidir le cliaint, neamhspleách ar FÁS, an gearán a tharchur do mheasúnú, trí scríobh chuig:

Coimisinéir Sheirbhísí Cliaint FÁS
Bosca O.P. Uimh. 5656
27-33 Sráid an Bhagóid Uachtarach
Baile Átha Cliath 4

Bealach neamhspleách, saor in aisce agus rúnda is ea an tseirbhís a chuireann Coimisinéir Sheirbhísí Cliaint FÁS ar fáil chun gearáin neamhréitithe a shocrú idir FÁS agus a chliaint.

Tá bileog, a thugann cur síos ar fhorálacha na scéime um Choimisinéir Sheirbhísí Cliaint FÁS agus téarmaí tagartha an Choimisinéara ar fáil ach iarrats a dhéanamh le  R-phost .

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie