Daoine agus Polasaithe
Tugtar cur síos ar fheidhmeanna, acmhainní agus ceannaireacht FÁS sa rannóg maidir le Bainistíocht FÁS.
Taispeánann an Chairt Eagraíochta conas a oibríonn ranna FÁS le chéile ar fud an Struchtúir Réigiúnda le 66 oifig agus 20 ionad oiliúna ar fud na tíre.
Tá meas ag FÁS ar a chliaint agus ar a chustaiméirí agus tá sé á threorú ag bunluachanna custaiméara mar a leagtar síos iad ina Chairt Chustaiméirí. Ar an gcaoi chéanna, tá Gnás Gearáin forbartha do chustaiméirí a chinntíónn go bpléitear le gearáin ar bhealach proifisiúnta, iontaofa agus rúnda. Gealltanas ar fheabhas na seirbhíse is ea an Polasaí Cáilíochta.
Cinntíonn Saoráil Faisnéise agus Cosaint Sonraí go gcosnaítear cearta dlí agus príobháideacht dhaoine aonair i ngach teagmháil le FÁS.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar struchtúr corparáideach FÁS, déan teagmháil leis an roinn Aonad Cumarsáidí .