(Ionstraim Reachtúil 279 de 2005)
Cloíonn FÁS leis na Na Rialacháin um Athúsáid Faisnéise na hEarnála Poiblí. Tá na Rialacháin ar fáil ag http://www.psi.gov.ie/psi-documentation-background-information/.
Is féidir eolas agus doiciméid a fhaightear ón suíomh gréasáin seo a atáirgeadh agus/nó a athúsáid saor in aisce faoi réir an cheadúnais PSI is déanaí atá ar fáil ag http://www.psi.gov.ie/psi-documentation-background-information/. Cuimsíonn athúsáid cóipeáil, cóipeanna a eisiúint don phobal, foillsiú, craoladh agus aistriúchán go teangacha eile. Cuimsíonn sé freisin taighde agus staidéar neamh-thráchtála.
Ach amháin má deirtear a mhalairt, tá cóipcheart ag FÁS ar an eolas ar fad ar an suíomh gréasáin seo.
Táirgíonn FÁS sonraí, tuairiscí agus anailísí eile ó am go ham nach bhfoilseofar ar ár suíomh. Is féidir go mbeidh na foilseacháin seo ar fáil, faoi choinníollacha na Rialachán (IR 279 de 2005), ach iarratas scríofa a chur chuig Mandy Osborne, Aonad FOI, FÁS, 27-33 Sráid an Bhagóid Uachtarach, Baile Átha Cliath 4 nó le r-phost chuig mandy.osborne@fas.ie.
Le haghaidh sonraí ar an eolas a choinníonn FÁS, déan tagairt d'ár leabhráin um Shaoráil Faisnéise Alt 15 agus 16.
Má tá aon fhiosrú agat déan teagmháil leis an Aonad FOI ag 01-6070546, nó le r-phost ag foi@fas.ie .