Fostóir

baile » Fostóir » Clár Socrúchán Oibre

Clár Socrúchán Oibre - Soláthraí

Ceapadh an Clár Socrúchán Oibre (WPP), a fógraíodh le déanaí, chun deis a thabhairt do dhaoine dífhostaithe, lena n-áirítear céimithe dífhostaithe, taithí 6 mhí a fháil i dtimpeallacht oibre.

Tá sé fógraithe ag an rialtas go mbeidh soláthar ann do 2,000 socrúchán ar dtús faoin gclár seo. Tá dhá shruth socrúchán ann agus 1,000 socrúchán dáilte ar gach ceann. 

  • Sa chéad sruth beidh Céimithe a bhain cáiliúchán iomlán amach ag leibhéal 7 nó níos airde ar Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí (e.g. Gnáthchéim Bhaitsiléara) roimh 2009, atá dífhostaithe le 6 mhí anuas agus a bhfuil Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil acu faoi láthair freisin. 
  • Is féidir le gach duine eile atá dífhostaithe le 6 mhí anuas agus a bhfuil Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil acu faoi láthair freisin cur isteach ar an dara sruth. Faoin sruth seo, tá 250 áit á cur ar leataobh dóibh siúd atá faoi bhun 25 bliain d’aois.
Gheobhaidh rannpháirtithe ar an dá shruth den Chlár Socrúchán Oibre a dteidlíochtaí leasa shóisialaigh fós ón Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh i rith a socrúcháin 6 mhí.

Is féidir le gach comhlacht Príobháideach agus Poiblí iarratas a dhéanamh ar shocrúchán oibre a chur ar fáil sa chás:
  • Go bhfuil íosmhéid de 10 bhfostaí acu
  • Nach ndearna siad oibrí ar bith iomarcach sna 6 mhí atá thart

Anuas air seo:
  • Ní féidir leis an ngnó folúntas reatha a bheith acu sa réimse ina bhfuil an socrúchán oibre á thairiscint
  • Caithfidh seachtain iomlán oibre a bheith i gceist le Socrúchán Oibre ar bith atá á thairiscint
Ba chóir do ghnóthaí a bhfuil spéis acu i socrúchán oibre a chur ar fáil mar chuid den chlár seo glaoch ar uimhir shaorghlao FÁS 1800 611 116 chun foirm iarratas a fháil nó an fhoirm thíos a íoslódáil agus a chomhlánú agus í a sheoladh ar ais ar ríomhphost chuig jobsireland@fas.ie


Más duine aonair thú ar mhian leat níos mó a fháil amach faoi iarratas a dhéanamh ar shocrúchán tabhair cuairt ar Clár Socrúchán Oibre - Rannpháirtithe

Bileoigín do Rannpháirtithe an Chláir Socrúchán Oibre
Treoirlínte maidir le Foirm Iarratais ar Shocrúchán Oibre
Foirm d'Iarrthóirí ar Shocrúchán Oibre
NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie