Céim in Airde
Céim In Airde
Scileanna don Obair
Tugtar maoiniú don Chlár Scileanna don Obair tríd an Ciste Oideachais Bhunaidh Ionad Oibre a chuireann fóirdheontas oiliúna 100% ar fáil le riachtanais fhostaithe i mbunscileanna a fheabhsú d’fhonn cuidiú leo deileáil le hathruithe a tharlaíonn go minic agus go leanúnach i gcleachtais oibre.
Clár Forbartha Cumais
I bhfeidhm ón 1 Samhain 2006
Tabharfaidh FÁS cúnamh airgid mar seo a leanas do chostas oiliúna atá incháilithe:
* 70% den chostas aontaithe do chláracha deimhnithe*;
* 50% den chostas aontaithe do chláracha gan deimhniú;
* tá 5% maoiniú sa bhreis ar fáil nuair a tharlaíonn an oiliúint sa réigiúin BMW**.
Nótaí:
* Cláracha deimhnithe ag eagras deimhnithe ceadaithe (m.sh. HETAC/FETAC nó a chomhionainn aitheanta);
** Ceantar BMW: Dún na nGall, Liatroim, An Cabhán, Muineachán, Lú, Sligeach, Uíbh Fhailí, An Longfort, An Iarmhí, Laois, Gaillimh, Maigh Eo agus Ros Comáin.
Is féidir cúnamh airgeadais 100% a bhreithniú d’oiliúint ar oibrithe atá i mbaol nó ar scileanna ísle nuair atá cead tugtha roimh ré ag an Stiúrthóir STB (Lárnach). Áirítear go bhfuil oibrithe, atá fostaithe i gcomhlachtaí atá i mbaol a dhúnta nó ag tabhairt aghaodh ar dhúnadh, nó i dtionscail atá ag dul i léig, a bheith i mbaol chun críocha an chláir seo. Áirítear go bhfuil siad siúd atá páirteach i gcatagóirí fostaíochta gan aon cháilíochtaí iontrála nó a n-íoctar an t-íosphá leo, ar scileanna ísle. Beidh cead faoi réir bhreithniú ar Fhoirm Fhírinnithe chomhlánaithe agus cáipéisí tacaíochta curtha isteach ag Bainisteoir Réigiúin/Lárnach STB chuig an Stiúrthóir STB (Lárnach).
Incháilitheacht