Liúntais & Maoiniú

baile » Liúntais & Maoiniú » Deontas do Léitheoir Pearsanta

Deontas do Léitheoir Pearsanta

Tá FÁS freagrach as seirbhísí mhargadh saothair a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas, ag cuidiú el fostaíocht íoctha a aimsiú nó ullmhú d'fhostaíocht trí chlár oiliúna nó fostaíochta.

Má tá tú dall nó le lagamharc agus má tá cúnamh de dhíth ort le léitheoireacht a bhaineann le hobair, b'fhéidir go mbeidh t i dteideal deontas a fháil a chuideoidh leat Léitheoir Pearsanta a fhostú.

Íocfaidh FÁS táille in aghaidh na huaire, faoi réir an íosphá náisiúnta. Íocfar é suas go 640 uair a' chloig ar a mhéid in aghaidh na bliana.

Incháilitheacht

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar dheontas do Léitheoir Pearsanta más rud é:

  • Go bhfuil tú fostaithe san earnáil phríobháideach agus go bhfuil cúnam de dhíth ort le le léitheoireacht a bhaineann le hobair;
  • Gur tháinig lagamharc ort le déanaí agus go bhfuil tú i gcontúirt do phost a chaiiliúint;
  • Go bhfuil tú ag filleadh ar d'fhostóir bunaidh chun obair nua nó éagsúil a dhéanamh;
  • Go bhfuil do sheansanna ardú céime á srianadh de bharr deacrachtaí léitheoireachta mar thoradh ar do lagamharc.

Iarratas

  • Téann an fostaí i dteagmháil lena n-oifig áitiúil FÁS chun Foirm Iarratais a fháil agus a líonadh isteach; 
  • Aontaíonn FÁS, an fostaí agus an fostóir líon na n-uaireanta bunaithe ar líon na léitheoireachta atá de dhíth;
  • Íocann FÁS deontas leis an bhfostaí chun costais an léitheora pearsanta a íoc bunaite ar Fhoirm Éilimh.

Ní féidir an léitheoir pearsanta a bheith in ionad aon chúnaimh léitheoireachta a thugtar de ghnáth ag comhghleacaithe oibre, gaolta nó cairde.

Teagmháil le FÁS

Más duine faoi mhíchumas nó fostóir tú agus má tá tuilleadh eolais agat faoin Deontas do Léitheoir Pearsanta nó scéimeanna eile, déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie