B'fhéidir go mbeidh roinnt daoine faoi mhíchumas ag fáil Leasa Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuairdaitheora Poist sula dtosaíonn siad ar oiliúint le FÁS. Beidh na socruithe atá ann cheana i bhfeidhm dos na faighteoirí seo ag freastal ar oiliúint FÁS. Gheobhaidh na rannpháirtithe liúntas oiliúna ó FÁS atá cothrom lena n-íocaíocht leasa shóisialaigh agus breisíocaíocht oiliúna má tá siad incháilithe faoi na gnáthchritéirí breisíocaíochta oiliúna do dhaoine atá dífhostaithe le fada (caithfidh said a bheith ag fáil Leasa Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuairdaitheora Poist do thréimhse 12 mí nó níos mó, nó a bheith ag aistriú ó chlár Fostaíochta Pobail nó an Tionscnaimh Poist).
Ba chóir do rannpháirtithe chúrsa atá ag iarraidh liúntas FÁS a fháil atá cothrom le Leas Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuairdaitheora Poist Foirm F103 a líonadh isteach agus í a fháil comhlánaithe ag an DSFA. Íocfaidh FÁS comhionainn an Leasa Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuairdaitheora Poist mar liúntas oiliúna.
Coinneoidh an rannpháirtí aon leasa eile a bhí acu mar fhaighteoir Leasa Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuairdaitheora Poist. Más gá, cuirfidh FÁS socruithe níos solúbtha do shaoire tinnis i bhfeidhm do rannpháirtithe má tá siad faoi mhíchumas indeimhnithe.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Leas Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuairdaitheora Poist, déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil.