Liúntais & Maoiniú

baile » Liúntais & Maoiniú » Oiliúint i bhFeasacht ar Mhíchumas

Oiliúint i bhFeasacht ar Mhíchumas

Scéim Tacaíochta um Oiliúint Eolais Mhíchumais

Daoine a Oiliúint le bheith níos Eolaí

Tá an-chuid daoine éiginnte faoi chonas freagairt do dhaoine faoi mhíchumas agus bíonn siad cúthaileach faoin teanga a úsáideann siad. Tá siad buartha faoi na focail mícheart a úsáid agus masla a thabhairt trí thimpiste, nó gan a bhieht in ann déileáil le le suíomh ceal eolas ar an gcur chuige cuí agus iad ag obair le daoine faoi mhíchumas.

Deartar oiliúint eolais mhíchumais lena chinntiú go gcuireann foireann an tseirbhís is fearr ar fáil do chustaiméirí/cliaint faoi mhíchumas agus go gcruthaíionn banisteoirí agus fostaithe ile na naisc oibre is fearr agus is féidir le comhghleacaithe faoi mhíchumas.

Incháilitheacht

Tá an Scéim Tacaíochta um Oiliúint Eolais Mhíchumais ar oscailt do na comhlachtaí uilig san earnáil phríobháideach. Tá deontais oiliúna ar fáil chun pearsanra a fhorbairt ag na leibhéil agus gairmí uilig laistigh den earnáil seo. Tá sé oiriúnach do chomhlachtaí a bhfuil suim acu i:

  • Daoine faoi mhíchumas a fhostú nó a choinneáil;
  • Fostú dhaoine faoi mhíchumas a chothú;
  • Bainistiú éagsúlachta laistigh den ionad oibre a chothú.

Maoiniú & Iarratas

Tá maoiniú don Scéim Tacaíochta um Oiliúint Eolais Mhíchumais ar fáil ó FÁS do chomhlachtaí ag leibhéal 90% de chostais sa chéad bliain agus 80% de chostais i mblianta dar gcionn. Is é an maoiniú is mó atá ar fáil do chomhlacht in aon bhliain amháin ná €20,000.

Teagmháil le FÁS

Athraíonn dátaí tosaigh na gcláracha éagsúla ó réigiún go réigiún ar fud na hÉireann. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin scéim seo chomh maith le liosta d'Oiliúnóirí Eolais Mhíchumais cláraithe le FÁS, déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie