Faoin Scéim Cúnamh Poist Ioncaim, is féidir le fostóir asbhaintí breise a éileamh ina gcuntais suas go 3 bliana ón dáta a thosaíonn an fhostaíocht, má thugtar fostaíocht do dhuine atá dífhostaithe do 12 mí nó níos mó. Baineann na hasbhaintí le:
- Pá íoctha le fostaí cáilithe i bhfostaíocht cháilithe; agus
- ÁSPC Fostóra maidir leis an bpá seo.
Níl aon teorainn le líon na 'bhfostaithe cáilithe' is féidir le fostóir a ghlacadh faoin scéim, ar an gcoinníoll go dtógann siad 'poist cáilithe'. Níl an asbhaint iníoctha más rud é gur bhain nó go bhfuil an fostóir nó an fostaí ag baint leasa as aon scéim fostaíochta eile maidir leis an bpost.
Tá tuilleadh eolais ar fáil i Bileog Eolais na gCoimisinéirí Ioncaim ar an scéim cúnamh.