Liúntais & Maoiniú

baile » Liúntais & Maoiniú » Scéim Deontais do Choinneáil Fostaithe

Scéim Deontais do Choinneáil Fostaithe

Tá sé d'aidhm ag an Scéim Deontais do Choinneáil Fostaithe cuidiú le fostóirí fostaiteh a choinneáil a fhaigheann tinneas, riocht nó máchail a chuireann isteach ar a gcumas a gcuid oibre a dhéanamh. Cuidíonn sé le cumas leanúnach na bhfostaithe a fhiosrú maidir le feidhmiú mar chomhaltaí tairgiúla den lucht saothair.

Cuidíonn an scéim seo le cumas fostaíochta an fhostaithe a chothabháil nuair a thagann tinneas, riocht nó máchail (gairme nó eile) air/uirthi trí mhaoiniú a thabhairt chun:

  • Cóiríocht agus/nó oiliúint a aithint a chuideoidh leis an bhfostaí fanacht sa phost atá aige/aici faoi láthair; nó
  • An fostaí a athoiliúint sa chaoi is gur féidir leis/léi post eile a ghlacadh sa chomhlacht.

Tá dhá chéim sa scéim bunaithe ar straitéis coinneála a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

Struchtúr na Scéime

Céim 1 a chuidíonn le fostóirí trí cheadú dóibh sainscileanna agus saineolas seachtrach a cheannach isteach chun 'scéim coinneála' ar leith a fhorbairt d'fhostaí a dtagann tinneas orthu.

Céim 2 a thugann maoiniú don fhostóir chun an straitéis scríofa a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear athoiliúint, cóitseáil poist agus/nó comhordaitheoir seachtrach a fhostú chun an forfheidhmiú a mhaoirsiú agus a bhainistiú.

Incháilitheacht

Tá an Scéim Deontais do Choinneáil Fostaithe ar oscailt dos na comhlachtaí uilig san earnáil phríobháideach. Tá maoiniú ar fáil chun tacú le fostaí ar bith atá ann cheana a choinneáil, ag gach leibhéal agus gairm laistigh den chomhlacht, a fhaigheann tinneas, riocht nó máchail a chuireann isteach ar a gcumas faoi láthair a gcuid oibre a dhéanamh.

Maoiniú & Iarratas

Céim 1 – An Straitéis Coinneála a Fhorbairt

Tá maoiniú 90% de chostais cláir incháilithe ar fáil do chomhlachtaí suas go €2,500 chun straitéis coinneála a fhorbairt d'aon fhostaí amháin. Íoslódáil Foirm Chéim I.

Céim 2 – An Straitéis Coinneála a Chur i bhFeidhm

Tá maoiniú 90% de chostais cláir incháilithe ar fáil do chomhlachtaí suas go €12,500 chun straitéis coinneála a chur i bhfeidhm d'aon fhostaí amháin. Tá maoiniú do phearsanra speisialta teoranta do líon uaireanta socraithe agus ní féidir iarratas a dhéanamh gan é a bheith tacaithe ag straitéis coinneála ar leith (déan tagairt do Chéim 1).

Teagmháil le FÁS

Más rud é gur tháining tinneas nó máchail ort le déanaí, nó más fostóir thú le fostaí ar tháinig tinneas nó máchail air/uirthi, agus má tá tuilleadh eolais de dhíth ort maidir leis an Scéim Deontais do Choinneáil Fostaithe nó scéimeanna eile, déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie