Liúntais & Maoiniú

baile » Liúntais & Maoiniú » Scéim do Fóirdheontas Tuarastail

Scéim do Fóirdheontas Tuarastail

Tugann Scéim do Fóirdheontas Tuarastail FÁS dreasachtaí airgeadais d'fhostóirí, lasmuigh den earnáil phoiblí, daoine faoi mhíchumas a fhostú a oibríonn níos mó ná 20 uair a' chloig in aghaidh na seachtaine.

Tá duien ar an Scéim do Fóirdheontas Tuarastail faoi réir na gcionníollacha céanna fostaíochta le fostaithe eile. Áiríonn na coinníollacha seo ranníocaíochtaí ÁSPC, saoire bhliantúil, asbhaintí cánach agus an ráta reatha don phost.

Déantar fóirdheontais atá ar fáil faoin scéim a struchtúrú faoi 3 shruth éagsúil agus is féidir le fostóirí leas a bhaint as ceann amháin díobh nó astu uilig, go comhuaineach.

Struchtúr na Scéime

Sruth 1:  Fóirdheontas ginearálta is ea an fóirdheontas snáithe I i gcomhair aon ghannchion táirgiúlachta a bhraitear os cionn 20% i gcás duine faoi mhíchumas, i gcomparáid le comhghleacaí nach bhfuil faoi mhíchumas. Ní mór d’fhostaí íosmhéid 21 uair an chloig oibre a chur isteach in aghaidh na seachtaine agus uasmhéid 39 uair an chloig in aghaidh na seachtaine. Is é €5.30 in aghaidh na huaire an ráta fóirdheontais agus tá sé bunaithe ar líon na n-uaireanta a chuirtear isteach, rud a fhágann go bhfuil fóirdheontas bliantúil iomlán de €10,748 ar fáil in aghaidh na bliana bunaithe ar sheachtain oibre 39 uair an chloig.

Sruth 2: nuair a fhostaíonn comhlacht níos mó ná beirt faoi mhíchumas. Is féidir le comhlacht leas a bhaint as deontas chun na costais breise maoirseachta, bainistíochta agus eile a bhaineann le hobair a chlúdach. Tá an breisiú seo bunaithe ar líon iomlán na bhfostaithe faoi mhíchumas a fhostaítear agus beidh sé ar scála ó fhóirdheontas 10% de phá do 3 go 6 fostaí faoi mhchumas go dtí uasmhéid d'fhóirdheontas 50% de phá do 23+ fostaithe faoi mhíchumas.

Sruth 3: nuair a fhostaíonn fostóir 30 fostaí faoi mhíchumas nó níos mó. Is féidir leis an bhfostóir leas a bhaint as deontas de €30,000 in aghaidh na bliana do chostas Oifigeach Chúnamh Fostaíochta a fhostú.

Iarratas

  • Téann an fostóir i dteagmháil lena n-oifig FÁS áitiúil agus faigheann Foirm Iarratais d'Fhóirdheontas Tuarastail; 
  • Aontaíonn FÁS, an fostóir agus an fostaí an fóirdheontas pá atá le híoc i ndiaish na míosa tosaigh d'fhostaíocht (íoslódáil an fhoirm d'Údarú Bainc);
  • Íocann an fostóir an ráta reatha don phost, mar atá ag aon fhostaí eile.

Teagmháil le FÁS

Más duine faoi mhíchumas nó fostóir tú agus má tá tuilleadh eolais uait faoin bhFóirdheontas Tuarastail nó scéimeanna eile, déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie