Printísigh Mná
Tá FÁS tiomanta do chomhionaannas deiseanna san ionad oibre a chothú. Trína chlár gníomhaíochta do mhná – Mná i bhFócas – cuireann FÁS deiseanna ar fáil do mhná a roghanna i slite beatha a leathnú isteach i réimsí oibre nua agus neamh-thraidisiúnta.
Chun iontráil na mban isteach sna printíseachtaí sannaithe, cuireann FÁS spáranacht ar fáil d'fhostóirí san hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon, chun leibhéal méadaithe a spreagadh in earcaíocht printíseach mná.
Tugann an spáránacht deontas iomlán de €2,667 do ghach fostóir as gach printíseach mná a earcaítear. Rannaíocaíocht is ea an deontas do chostais pá agus costais eile printíseachta thar an chéad 28 seachtain de chéimeanna 1 agsu 3 (céimeanna ar an bpost) den Phrintíseacht.
Cuireann an fostóir an Fhoirm Iarratais, atá ar fáil freisin ó chomhairleoirí FÁS Seirbhísí do Ghnó i ngach Réigiún, isteach nuair a chláraítear an printíseach mná le FÁS.