Tá réimse de scéimeanna liúntais ann do chuardaitheoirí poist ag bogadh ó Leas Shóisialaigh go hobair, oiliúint nó oideachas.
Íoctar an Scéim Liúntais Filleadh ar Obair le daoine ar íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh áirithe mar spreagadh chun dul i bfostaíocht nó ar ais ag obair.
Spreagann an Liúntais Filleadh ar Obair (Fiontar) daoine dífhostaithe, tuismitheoirí aonair agsu daoine atá ag fáil Liúntais Easláine nó Pinsean na nDall féinfhostaíocht a ghlacadh.
Ceadaíonn an Scéim Dreasachta Poist Páirtaimseartha do dhaoine áirithe atá dífhostaithe le fada obairpháirtaimseartha.
Séard is Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIS) ná íocaíocht seachtainiúil saor ó cháin do theaghlaigh, lena n-áirítear teaghlaigh aon tuismitheora, ag obair ar phá íseal.
Le hagaidh tuilleadh eolais ar bhogadh ó Leas Shóisialagh go hobair, oiliúint nó oideachas tá www.welfare.ie do leasa agus tacaíochtaí ag an Roinn Gnóthaí Sóisialta agus Teaghlaigh.