Tá FÁS freagrach as seirbhísí mhargadh saothair a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas, ag cuidiú le fostaíocht ar phá a aimsiú nó ag ullmhú d'fhostaíocht trí chlár oiliúna nó fostaíochta.
Más cuardaitheoir poist thú atá bodhar, le deacrachtaí éisteachta nó le máchail cainte agus atá ag freastal ar agallaimh do phoist, is féidir leat cur isteach ar mhaoiniú chun go bhfreastalóidh teangaire theanga chomharthaíochta nó teangaire ar an agallamh leat. Is féidir maoiniú a chur ar fáil freisin do chostais theangaire le linn tréimhse ionduchtaithe nuair a thosaíonn tú ag obair.
Íocfaidh FÁS táille faoi réir an ráta caighdeánaigh do thréimhse 3 uair a' chloig ag baint úsáide as teangaire atá cáilithe go gairmiúil. Íoctar costais taistil don teangaire ag ráta socraithe. Déanfar difríocht idir rátaí do theangairí cáilithe go gairmiúil agus daoine eile.
Incháilitheacht
Is féidir leat cur isteach ar an deontas do theangaire agallaimh poist más rud é:
- Go bhfuil tú bodhar, le deacrachtaí éisteachta nó le máchail suntasach cainte;
- Go bhfuil tú go gníomhach ag lorg fostaíochta nó díreach tar éis fostaíocht a thosú;
- Go mothaíonn tú go mbainfeá leas as teangaire theanga chomharthaíochta agus/nó teangaire eile a bheith i láthair ag agallaimh poist nó le linn tréimhse ionduchtaithe.
An Teangaire
Aimsíonn agsu roghnaíonn an cuardaitheoir poist an teangaire theanga chomharthaíochta nó teangaire eile mar is cuí. Is féidir le teangairí a bheith ina gcairde, ina ndaoine muinteartha nó ina teangairí theanga chomharthaíochta atá cáilithe go gairmiúil. Is féidir teacht ar sheirbhísí theangaire theanga chomharthaíochta go háitiúil nó iad a choláthar trí:
Sign Language Interpreting Service (Irish Sign Link)
Hainault House
The Square
Tamhlacht
Baile Átha Cliath 24
Fón: +353 (01) 413 9670
Bridge Interpreting
Fón/Téacs:: +353 (01) 087 904 6594
R-phost: office@bridgeinterpreting.ie
Gréasán: http://www.bridgeinterpreting.ie/
Iarratas
- Téann an cuardaitheoir poist nó fostaí nuacheaptha i dteagmháil lena n-Oifig FÁS áiitiúil chun foirm iarratais a fháil agus a líonadh isteach;
- Tógtar an Fhoirm Iarratais chuig an agallamh nó clár ionduchtaithe agus síníonn agus stampálanna an fostóir agus agus an teangaire í;
- Nuair a sheoltar an fhoirm iarratais ar ais, déanatr íocaíocht go díreach chuig an teangaire nó Irish Sign Link mar is cuí.
Teagmháil le FÁS
Más duine faoi mhíchumas nó fostóir thú agus má tá tuilleadh eolais de dhíth ort faoi Dheontas do Theangaire Agallaimh Poist nó scéimeanna eile, déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil.