Tá FÁS freagrach as seirbhísí mhargadh saothair a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas, ag cuidiú le fostaíocht ar phá a aimsiú nó ag ullmhú d'fhostaíocht trí chlár oiliúna nó fostaíochta.
Más duine faoi mhíchumas thú a bhfuil tariiscint fostaíochta faighte agat nó atá fostaithe, agus má tá ionad oibre níos inrochtaine nó treallamh leasaithe de dhíth ort chun do chuid oibre a dhéanamh, b'fhéidir gur féidir leatsa nó le d'fhostóir deontas a fháil ó FÁS do chostais a bhaineann le foirgnimh nó treallamh a leasú.
is iad seo a leanas samplaí de leasuithe gur féidir deontas a thabhairt ina leith:
- Mionleasuithe foirgnimh ar nós rampaí agus leithris leasaithe;
- Córais aláraim le soilse gealánacha;
- Leasú treallaimh ar nós sintéiseoirí gutha do ríomhairí nó aimplitheoirí do theileafóin.
Tá deontas de €6348.70 ar a mhéid ar fáil do chostais leasuithe d'fhoirgneamh nó treallamh. Is féidir an deontas seo a úsáid freisin chun treallamh leasaithe ar tugadh maoiniú ina leith cheana féin a uasghrádú.
Incháilitheacht
Is féidir leatsa nó d'fhostóir cur isteach ar an deontas seo más rud é:
- Go bhfuair tú tairiscint fostaíochta san earnáil phríobháideach agus go bhfuil leasú do threallamh nó foirgneamh de dhíth chun na dualgaisí a chomhlíonadh;
- Go bhfuil tú fostaithe nó gur athraigh tú post le déanaí, agus go bhfuil leasú do threallamh nó foirgneamh de dhíth chun na dualgaisí a chomhlíonadh;
- Go bhfuil tú féinfhostaithe.
Iarratas
- Téann tusa nó d'fhostóir i dteagmháil leis an oifig FÁS áitiúil chun Foirm Iarratais a fháil;
- Ainmníonn an t-iarrthóir an treallamh agus/nó leasú atá de dhíth, ag míniú cén fáth go bhfuil gá leis agus ag cur luachana isteach;
- Déanann FÁS agus an t-iarrthóir an t-iarratas a athbhreithniú;
- Íocann FÁS deontas leis an iarrthóir leis na costais atá aontaithe a chlúdach (íoslódáil an Fhoirm Aisíoca CBL).
Teagmháil le FÁS
Más duine faoi mhíchumas nó fostóir thú agus má tá tuilleadh eolais de dhíth ort faoi Dheontas do Threallamh san Ionad Oibre a LeasúTheangaire Agallaimh Poist nó scéimeanna eile, déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil.