Cuireann FÁS cúrsaí oiliúna ar fáil atá in oiriúint do riachtanais chuardaitheoirí poist atá ag lorg fostaíochta (
Jabanna Éireann FÁS) .
Ceadaíonn cláracha oiliúna a dheartar go speisialta do Phrintísigh cáilíocht a bhaint amach mar cheardaithe.
Tá FÁS tar éis réimse na ndeiseanna oiliúna atá ar fáil do chuardaitheoirí poist a mhéadú chun cabhrú leo teacht isteach sa mhargadh saothair in athuair. Leanfar ar aghaidh ag tairiscint cúrsaí ar nós Oiliúint Sainscileanna agus Oiliúnaíochtaí óna dtiocfaidh dámhachtainí móra faoi Chreatlach Náisiúnta na gCáilíochtaí (NFQ). Tairgeann FÁS roinnt Gearrchúrsaí (2 mhodúl go hiondúil) chomh maith le Cúrsaí Oíche, Cúrsaí ar Líne agus Cúrsaí Foghlama Cumaiscthe óna dtagann deimhniúchán comhchodanna agus/nó deimhniúchán aitheanta ag an tionscal.
Is féidir le cliaint breathnú ar eolas um Chláir Oiliúna, Cuardach a dhéanamh i gcomhair cúrsa nó plé a dhéanamh ar roghanna oiliúna le Feidhmeannach Seirbhísí Fostaíochta trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifig Seirbhísí Fostaíochta nó leis an Ionad Oiliúna de chuid FÁS is gaire dóibh.
Is féidir le fostaithe atá ag iarraidh a gcuid oiliúint a chur chun cinn agus a gcuid eolais, scileanna agus cumais a fheabhsú Oiliúint Fostaithe a dhéanamh i réimse de thionscail ó éadaí go hiompar de réir mar a bhíonn éileamh ann. Spreagann FÁS an t-oideachas seo san ionad oibre agus feabhsú scileanna don obair, nó ‘méadú scileanna’, trína thionscnamh Céim in Airde.
Tá oiliúint eile earnála i gceist sa Scéim Deimhnithe Scileanna Tógála agus Pas Slán dóibh siúd a bhfuil suim acu i dtógáil agus Oiliúint Scáileáin Éireann dóibh siúd atá ar iarraidh slí beatha a bhaint amach i dtionscal na scannánaíochta.
Sna sonraí faoi Obair agus Oiliúint Thar Lear, clúdaítear Cláracha Iarchéime idirnáisiúnta éagsúla chomh maith le heolas praiticiúil ar nós na gcáipéisí riachtanacha.
Cuireann FÁS seirbhísí tiomanta ar fáil atá dírithe ar dheiseanna a thabhairt do dhaoine incháilithe páirt a ghlacadh i saol an phobail trí chláracha oiliúna pobalbhunaithe agus taithí oibre. Tá tuilleadh eolais orthu seo, chomh maith leis an Tionscnamh Oiliúna Áitiúil agus Ionaid Oiliúna Pobail, ag Pobail.
Is féidir eolas a fháil ar fhostaíocht agus oiliúint do dhaoine faoi mhíchumas nó le riachtanais speisialta, lena n-áirítear Soláthróirí Speisialta Oiliúna, chomh maith le cláracha cuimsitheachta sóisialta, ar nós Mná ag Filleadh ar Obair, a fháil ag Comhionannas agus Cuimsitheacht.
Is Eagraíocht é FÁS atá cláraithe le Láraonad Seiceála na nGardaí (GCVU) “a dhéanann nochtadh ar sheiceálacha ar stair choiriúil d’eagraíochtaí cláraithe i dtaobh le, inter alia, fostaithe ionchasacha, oibrithe deonacha, mic léinn ar socrú agus oiliúnaithe a mbeadh rochtain shuntasach, neamh-mhaoirsithe acu ar dhaoine óga agus ar aosaigh leochaileacha araon” Baineann an beartas seo le ról FÁS mar sholáthraí cláir oiliúna agus fostaíochta, go háirithe maidir le cáilitheacht agus earcaíocht rannpháirtithe nó oiliúnaithe féideartha atá ag obair nó atá faoi oiliúint chun obair le leanaí agus/ nó le haosaigh leochaileacha*.
Íoslódáil Beartas Seiceálan an Gardaí de chuid FÁS [PDF - 29kb]
Íoslódáil Faisnéis Foghlaimeora Seiceálan an Gardaí [PDF - 222kb]
*Tagraíonn ‘Aosaigh leochaileacha’ do dhaoine scothaosta nó do dhaoine faoi mhíchumas i gcomhthéacs Seiceála na nGardaí i FÁS
Aimsigh eolas ar Sholáthar Oiliúna ar nós Treoirlínte Oiliúna, Soláthróirí Oiliúna Cláraithe, agus Deimhniú.
Faoi choinníollacha áirithe, cuireann FÁS tacaíocht airgeadais ar fáil i bhfoirm Liúntais chun cuidiú lena chláracha, mar shampla Oiliúint, Taisteal, Lóistín agus Béilí agus Cúram Leanaí.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar réimse iomlán chláracha oiliúna agus Ionaid Oiliúna FÁS, déan teagmháil le d’Oifig FÁS áitiúil.