Oiliúint

baile » Oiliúint » Cláir Oiliúna » Cúrsaí ar Líne

Cúrsaí ar Líne

Deartar na cúrsaí seo chun freagra solúbtha a thabhairt do riachtanais sainscileanna na ndaoine atá réidh do phost éigin a dteastaíonn idirghabhálacha oiliúna le deimhniúchán uathu chun cabhrú leo teacht isteach sa mhargadh saothair in athuair. Tá na cúrsaí ar líne ar fáil saor in aisce do chliaint atá dífhostaithe. Tá cúrsaí ar fáil freisin, ach táille a íoc, do dhaoine ata i bhfostaíocht ar mian leo a gcuid scileanna a nuashonrú.

Cliceáil anseo chun tuilleadh sonraí a fháil maidir le cúrsaí ar líne.

Cé go seachadtar na cúrsaí sin go hiomlán ar líne, bíonn tacaíocht theicniúil ar fáil i rith an chúrsa. Is féidir le cliaint dhífhostaithe leas a bhaint as cúrsaí Foghlama Cumaiscthe freisin, ina soláthraítear tacaíocht bhreise teagascóra ar líne agus ceardlanna faoi stiúir teagascóra.

Is féidir le cliaint a íocann táille leas a bhaint as ár gcóras íocaíochta ar líne, agus is féidir le cliaint dhífhostaithe iarratas a dhéanamh ar ionad trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifig Seirbhísí Fostaíochta nó leis an Ionad Oiliúna áitiúil de chuid FÁS.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie