Is clár forbartha scileanna saothair atá i gclár Oiliúnaíochta Náisiúnta FÁS ina measctar oiliúint fhoirmiúil le FÁS agus oiliúint ar an láthair oibre leis an bhfostóir. Forbraítear an t-ábhar oiliúna agus na caighdeáin saothair d’oiliúnaíochtaí i gcomhairle le fostóirí, ceardchumainn, comhlachtaí rialála agus leasghrúpaí. Tá an clár dírithe ar chliaint a rachaidh i mbun gairmeacha lena mbaineann riachtanais shuntasacha scileanna is fearr a shealbhaítear trí mheascán de thréimhsí malartacha d’oiliúint ar an láthair oibre agus lasmuigh di.
Faigh tuilleadh eolais faoin gcaoi a bhfeidhmíonn clár na nOiliúnaíochtaí.
Cliceáil anseo chun cuardach a dhéanamh i gcomhair cúrsa i do cheantarsa.
Déan teagmháil leis an Oifig Seirbhísí Fostaíochta nó leis an Ionad Oiliúna de chuid FÁS is gaire duit chun do chuid roghanna oiliúna a phlé le Feidhmeannach Seirbhísí Fostaíochta.