Féach an tábla thíos maidir le dátaí aistarraingte ó Mheasúnaithe Modúlacha Leagan 1 bainteach le Curaclam Leagan.
|
Ceird |
Dáta Aisbhainte Measúnaithe L 1 |
|
MEICNIC TALMHAÍOCHTA |
Mei-10 |
|
MEICNIC AERÁRTHAÍ |
Mei-14 |
|
CEARPANTÓIREACHT & SIÚINÉIREACHT |
Sam-10 |
|
OIRTHEOIR GLÉASRA TÓGÁLA |
Mei-10 |
|
LEICTREACH |
Mei-10 |
|
IONSTRAIMIÚ LEICTREACH |
Sam-11 |
|
MAMF (Oirtheoireacht) |
Mei-12 |
|
TÍLIÚ URLÁIR & BALLAÍ |
Mei-10 |
|
MEICNIC FEITHICLÍ TROMA |
Mei-10 |
|
IONSTRAIMIÚ |
Sam-11 |
|
DÉANAMH MIOTAIL |
Sam-11 |
|
MEICNIC MHÓTAIR |
Mei-10 |
|
PÉINTEÁIL & MAISIÚ |
Mei-10 |
|
PLÁSTRÁIL |
Mei-11 |
|
PLUIMÉIREACHT |
Sam-10 |
|
CUISNIÚCHÁN |
Mei-11 |
|
MIOTALÓIREACHT LEATHÁIN |
Mei-10 |
|
UIRLISEOIREACHT |
Már-11 |
|
DEISIÚ CREATLACH FEITHICLE |
Már-11 |
Rinneadh uasghrádú ar Churaclam na printíseachta do na ceird go léir atá thuasluaite ó Leagan 1 go Leagan 2 agus tá sé i bhfeidhm ag Céim 4 agus ag Céim 6 sna hInstitiúidí Teicneolaíochta.
Maidir le printísigh ar tharchuir a Measúnuithe Modúil Céim 4 agus Céim 6 ag Leagan 1, tar éis na dátaí thuas, gheobhaidh nó fuair siad fógra ó FÁS iarratas a chur isteach d'Oifig na Scrúduithe san Institiúid Teicneolaíochta scrúdúcháin i gcomhair sonraí de chláir ama scrúduithe agus táillí scrúduithe.
Má tá Measúnachtaí Modúlacha Leagan 1 ag Céim 4 agus Céim 6 fós le déanamh ag Printísigh tar éis na dátaí seo, beidh orthu na measúnachtaí atá fágtha a dhéanamh arís ag Leagan 2.
Dáta an Fógra 01-02-2011