An Jab Ceart a Aimsiú
Cuidíonn Jabanna Éireann FÁS le cuardaitheoirí jabanna fostaíocht a lorg le córas 'brú agus tarraingt'.
An Brú
Is féidir le cuardaitheoirí poist a gcuid CVanna a phostáil ar líne agus iad a nuashonrú de réir mar is gá (féach Treoir Céim ar Chéim). Is féidir an CV a choinneáil 'oscailte' nó 'dúnta' chun an t-ainm agus seoladh a dhéanmah infheicthe nó rúnda faoi seach. Is féidir le fostóir féideartha ar bith an CV a fheiceáil ag baint úsáide as bunachar sonraí Jabanna Éireann FÁS, agus an t-eolas inrochtana le critéirí ar nós cineál gairme, leibhéal oideachais agus suíomh. Ansin, is féidir le fostóirí teagmháil a dhéanamh tríd an mbealach is rogha leis an gcuardaitheoir poist, cé acu ríomhphost nó teachtaireacht córais. Is féidir le cuardaitheoirí poist teachtaireacht foláirimh a lorg de réir mar a chuirtear folúntais in airde.
An Tarraingt
Is féidir le cuardaitheoirí poist Éireannacha na céadta fostóirí a aimsiú atá ag fógairt folúntas ar, liostaithe de réir gairme, suíomh nó an dáta a cuireadh in airde. Is féidir le cuardaitheoirí poist atá cláraithe cuardach a dhéanamh ar na folúntais seo gan stró ag baint úsáide as a gcritéirí agus roghanna féin. Is féidir é seo a dhéanamh le fón, ar líne nó ó aon cheann de na bothanna Jabanna Éireann FÁS atá suite in oifigí FÁS ar fud na tíre.
Aimsigh an jab ceart ag Jabanna Éireann FÁS nó le haghaidh tuilleadh eolais cuir saorghló ar 1800 611 116 nó déan teagmháil le d’Oifig FÁS áitiúil.